Caibidil 1 I Réamhrá
Comórtas Ealaíne Shaoirse na Cathrach Ba thionscadal comhairliúcháin cruthaitheach é Comórtas Saoirse na Cathrach a thug cuireadh do dhaoine óga eolas a thabhairt do Phlean Forbartha Chathair Chorcaí. I gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Chorcaí agus an Lárionad um Pleanáil, Oideachas agus Taighde de chuid COC, cheap an Glucksman clár cruthaitheach do dhaoine óga le bheith rannpháirteach sa chéim chomhairliúcháin de Phlean Forbartha Chathair Chorcaí. Bhí deis ag mic léinn bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal i gCathair Chorcaí bealaí cruthaitheacha i leith an tsaoil chathartha a fhiosrú agus a gcuid smaointe a chur in iúl do shaol níos sláintiúla, níos glaise agus níos spraíúla.
21 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook