Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

Straitéiseacha agus Tírdhreacha Straitéiseacha. Laistigh de saolré an Phlean seo, tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí príomh-láithreacha radhairc lánléargais a fheabhsú trí, mar shampla, eolas faoi shuíocháin, treochomharthaíocht agus léirmhíniú a sholáthar. D’fhéadfaí láithreacha radhairc lánléargais bhreise a thairgeann luach áineasa speisialta a shainaithint sa todhchaí, mar shampla forbairtí páirceanna poiblí amach anseo nó nuair is féidir socruithe rochtana poiblí a chomhaontú. 6.30 Sainaithníodh foirgnimh shainchomhartha straitéiseacha agus áitiúla ionas gur féidir radhairc líneacha ar na foirgnimh seo a chosaint trí fhorbairt a bhainistiú. Is éard is foirgnimh shuntasacha straitéiseacha ann ná na cinn a bhfuil meas forleathan orthu mar gheall ar a fheiceálach amhairc agus an ról a imríonn siad chun cabhrú le daoine, agus iad ag iarraidh eolas na slí a dhéanamh dóibh féin laistigh an cathair. Tá na foirgnimh shuntasacha áitiúla laistigh de chomharsanachtaí na Cathrach an-thábhachtach mar gheall ar a bhfeiciúlacht áitiúil. Cé go soláthraítear liosta léiritheach d’fhoirgnimh shainchomhartha áitiúla, tiocfaidh foirgnimh shuntasacha áitiúla eile chun cinn le linn thréimshe an Phlean tríd an bpróiseas bainistíochta forbartha, agus i gcás go n- aithnítear iad ní mór radhairc líneacha tábhachtacha ar na foirgnimh seo a chur san áireamh. 6.31 Soláthraíonn conairí aibhneacha radhairc fhairsing ar an gCathair agus ar cheantair thuaithe agus is radhairc iad atá tábhachtach go straitéiseach feadh aibhneacha, cibé acu ó chéanna, droichid nó bruacha abhann iad. Caithfear measúnú a dhéanamh ar moltaí forbartha atá le feiceáil ó chonairí abhann i dtéarmaí a dtionchar amhairc ar chonair na habhann. Beidh sé seo thar a bheith tábhachtach i gcás go bhfuil moladh forbartha i gcomhthéacs amhairc foirgneamh

Creat Amhairc Bainistíochta

6.25 Cuireann Cathair Chorcaí tírdhreach suaithinseach ar fáil a chomhcheanglaíonn lonnaíochtaí uirbeacha le haibhneacha, dromanna, spásanna, sráideanna agus cúlchríocha tuaithe, chomh maith le foirgnimh iontacha a bhfuilimid an-bhródúil astu. Cuidíonn na radhairc atá againn i gCorcaigh lenár dtuiscint ar an gCathair – a carachtar agus a fhéiniúlacht a shainiú. 6.26 Go ginearálta, tá meas ag formhór na ndaoine ar an gCathair ó láithreacha amhairc ar feadh na Laoi agus a craobh-aibhneacha agus ó thalamh arda. Laistigh de cheantair thuaithe lasmuigh den Chathair tá roinnt bealaí na radharc trí thírdhreacha tarraingteacha a bhfuil meas ag líon mór daoine orthu. 6.27 Tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí forbairt a bhainistiú trína Creat Bainistíochta Radhairc chun radhairc agus amhairc de luach speisialta áineasa agus áiseanna áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó spéise a chosaint, nuair nach bhfuil siad seo cosanta aga cuspóirí eile an Phlean seo. Feictear na radhairc seo ó áiteanna a bhfuil rochtain phoiblí orthu agus a úsáidtear go maith agus áirítear leo foirgnimh shuntasacha nó tírdhreacha uirbeacha a chuidíonn le Cathair Chorcaí a shainiú ag leibhéal straitéiseach. 6.28 Léiríonn na radhairc seo ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas: 1. Leathanradhairc a thairgeann radhairc fairsinge ar an gCathair. 2. Radhairc líneacha ar fhoirgnimh shainchomhartha. 3. Radhairc ar chonair na habhann. 4. Bealaí na radharc cúlchríche. 6.29 Tagann láithreacha radhairc leathanradhairc ó áiteanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu mar spásanna poiblí nó a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. Sna radhairc seo aithnítear Foirgnimh Sainchomhartha Straitéiseacha / Cathairdhreacha

sainchomhartha, Limistéir Chaomhantais Ailtireachta nó sonrúcháin um chosaint tírdhreacha. 6.32

Laistigh den cheantar Cúlchríche baineann roinnt bealaí na radharc a bhfuil luach áineasa ag baint leo leas as an gcosaint agus é mar aidhm acu a chinntiú go bhfuil an áilleacht nádúrtha na mbealaí seo a chothabháil. Is é cuspóir an sonraithe ná forbairt feadh na mbealaí seo a bhainistiú chun a chinntiú go gcoimeádtar luach agus cáilíocht shainiúil tírdhreacha.

192 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by