Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

6.36 D’aithin Pleananna Forbartha Chontae Chorcaí i ndiaidh a chéile an tábhacht a bhaineann le limistéir fheiceálach na Cúlchríche a chosaint a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo maidir le cuspóir agus feidhm na Cúlchríche agus lonnaíochtaí na Cúlchríche. Tá an leibhéal is airde cosanta ag teastáil óna cheantair seo mar go bhfuil siad comhdhéanta de bharra cnoic oscailte feiceálach, taobhanna gleannta agus dromanna a thugann carachtar sainiúil do Chathair Chorcaí agus na bearnaí straitéiseacha, neamhfhorbartha den chuid is mó idir na príomh-lonnaíochtaí Cúlchríche. Léirítear na réimsí seo i bhFigiúr 6.5. Ceantair Chúlchríoch Chathair Chorcaí Suntasacha agus Straitéiseacha

Is tírdhreacha leochaileacha iad tírdhreacha ard-íogaireachta a bhfuil ar a gcumas freastal ar bhrú forbartha teoranta. Sa chéim seo, tá cáilíocht an tírdhreacha ag leibhéal ard agus tá gnéithe tírdhreacha an-leochaileach do chineálacha áirithe athraithe. Má sháraíonn an brú le haghaidh forbartha teorainneacha an tírdhreacha d’fhéadfadh go n -athródh carachtar an tírdhreacha. 6.35 Laistigh de na tírdhreacha ardluacha seo, beidh cúram suntasach ag teastáil chun tograí forbartha a aimsiú go rathúil gan iad a bheith ró-fheiceálach. Mar sin, beidh gá le breithniú cúramach a dhéanamh ar shuíomh, ar láthair agus ar dhearadh moltaí forbartha laistigh de na ceantair seo agus a leithéid ba chóir go ginearálta tacú le forbairtí trí mheasúnú lena n-áirítear measúnú tionchair amhairc. Is éard a bheadh i gceist leis seo ná measúnú ar infheictheacht agus feiceálacht na forbartha a bheartaítear sa cheantar máguaird agus sa tírdhreach níos leithne.

194 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by