Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

Bealach na Radharc Chathair Chorcaí Tag. HVP7 Bóthar idir Gort Phroinsias agus Baile Fearainn Bhaile Uí Gharbháin

Cearta Slí Poiblí

6.38 Soláthraíonn Cearta Slí Poiblí inrochtaineacht ach léiríonn siad áiseanna eacnamaíocha, turasóireachta agus áineasa iontu féin freisin. Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí a chinntiú go gcaomhnaítear agus go ndéanfar cothabháil ar na cearta slí poiblí atá ann cheana féin agus go gcuirfear in aghaidh aon fhorbairt a mbeidh drochthionchar aige ar na bealaí seo. Le linn shaolré an Phlean, spreagfar deiseanna chun cearta slí poiblí nua a chur ar bhonn foirmiúil chun rochtain ar áiseanna bonneagair ghlais agus ghoirm i gCathair Chorcaí a fheabhsú. Ní dhéanfar ceart slí poiblí a bheith fágtha ar lár ón bPlean Forbartha agus an léarscáiliú a bhaineann leis a fhorléiriú mar léiriú nach ann do cheart slí poiblí dá leithéid.

Spás Oscailte Gníomhach agus Áineasa

Réamhrá

6.39 Is príomh-chinntitheach é cáilíocht agus cainníocht an réimse poiblí i mbailte agus i gcathracha ar an gcaighdeán na beatha is féidir le háit ar bith a thairiscint d’áithritheoirí, d’oibrithe agus do chuairteoirí. Is cuid lárnach den réimse poiblí iad spásanna oscailte. 6.40 Déanann Cathair Chorcaí a dícheall feabhas a chur ar an réimse poiblí agus spás oscailte chun a chinntiú go mbeidh Corcaigh ina cathair níos fearr le maireachtáil. Tá sé seo tábhachtach maidir le cruthú áite agus cruthú cathrach tarraingtí agus sláintiúla augs tacaíonn sé le baint amach spriocanna straitéiseacha uile an Phlean seo.

6.41 I measc spásanna oscailte Chorcaí tá páirceanna de mhéideanna éagsúla, reiligí, coillearnacha, faiche spóirt, conairí abhann,

199

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by