Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

6.43 Tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí a chinntiú go bhfuil spás oscailte poiblí ar fáil chun freastal ar na riachtanais agus éilimh na cathrach. Beidh meascán de spásanna nua a chosaint, a fheabhsú agus a sholáthar i gceist leis seo. Le cathair atá ag dul i dtreise, beidh gá freisin le cur chuige cruthaitheach chun freastal ar riachtanais áineasa agus áise, go háirithe i gceantair stairiúla na cathrach a bhfuil gráin uirbeach níos déine acu. 6.44 Tá cáilíocht na spásanna oscailte poiblí an- tábhachtach, i dtéarmaí dearaidh, rochtana, úsáide roinnte, bithéagsúlachta, córas draenálacha uirbeacha inbhuanaithe agus soláthar do chuibhrinn agus gairdíní pobail. Maidir le moltaí forbartha a chuimsíonn nó a háiríonn spásanna oscailte, ba chóir sonraí ar an dtírdhreachú atá beartaithe, crua agus bog a chur isteach mar chuid d’iarratais phleanála. 6.45 Tá ról ríthábhachtach ag spás oscailte poiblí do dhaoine trí nochtadh don dúlra a sholáthar, deiseanna do ghníomhaíocht fhisiciúil, folláine agus idirghníomhú sóisialta do gach aoisghrúpa, ach go háirithe leanaí agus daoine óga. Ba cheart spásanna oscailte poiblí a dhearadh le bheith ilfheidhmeach chun a chinntiú gur croílár iad do Cosaint Spáis Phoiblí Oscailte

réimse leathan daoine agus comharsanachtaí ina n- iomláine, chomh maith le tírdhreacha cathrach den scoth a chinntiú.

Páirceanna Cathrach

6.46 Aithníonn Comhairle Cathrach Chorcaí an gá atá le líonra de pháirceanna móra cathrach de mhéid, scála agus nádúr cuí. Mar gheall ar na deiseanna teoranta do spásanna móra oscailte i lár na cathrach, beidh na páirceanna seo go príomha laistigh nó ar imeall na limistéir foirgnithe den Chathair atá ann cheana féin. Cuirfidh limistéar Cúlchríche na Cathrach deiseanna ar fáil freisin inar féidir páirceanna nua a fhorbairt de réir na Straitéise Spáis Oscailte. Tabharfaidh na páirceanna cathrach limistéir mhóra spáis oscailte dea-nasctha le chéile chun soláthar a dhéanamh do riachtanais áineasa gníomhacha agus éighníomhacha chun freastal ar riachtanais dhaonra cúlchríche na cathrach, lena n-áirítear earnálacha na cathrach agus ceantair máguaird thuaidh na cathrach agus ceantair máguaird dheisceart na cathrach agus níos faide i gcéin ná na cúlchríche. Le chéile beidh na Páirceanna Cathrach ina bhfáinne glas timpeall na limistéir foirgnithe na Cathrach, ag cuimsiú áiseanna tírdhreacha atá ann cheana féin, go buan ar

196 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by