Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht
2. Go bhfuil soláthar cuí de spás áineasa poiblí áitiúil agus áiseanna ag gach ceantar sa Chathair chun cur ar chumas daoine de gach aois rochtain a bheith acu ar chaitheamh aimsire, bualadh le chéile, taitneamh a bhaint as agus stíl mhaireachtála shláintiúil a chumasú. 3. Go bhfreastalaíonn soláthar súgartha ar riachtanais gach aoisghrúpa de réir na gcaighdeán cleachtais is fearr i dtéarmaí cainníochta, cáilíochta agus inrochtaineachta. 4. Go bhfreastalaíonn páirc imeartha agus bonneagar gníomhach spóirt ar riachtanais dhaonra Cathrach Chorcaí. 5. Go stórálfar na tuilte laistigh de pháirceanna agus spásanna oscailte Chorcaí. 6. Go ndéanfar spásanna oscailte Chorcaí a chomhtháthú go héifeachtach lena mbonneagar glas agus gorm augs in líonraí bithéagsúlachta. 7. Go gcuirtear cuibhrinn agus gairdíní pobail ar fáil chun freastal ar riachtanais an phobail. 8. Go ndeartar spásanna oscailte chun a n- acmhainneacht bhithéagsúlachta a uasmhéadú ionas go mbeidh rochtain ag daoine ar an dúlra in aice leis an áit ina bhfuil siad ina gcónaí. 9. Go gcomhlíonann sráideanna sa Chathair a n-acmhainneacht maidir le comhfhorbairt áite, draenáil uirbeach inbhuanaithe, bithéagsúlacht agus fritháireamh carbóin chomh maith le conairí gluaiseachta. 10. Go ndéantar spás oscailte agus áiseanna áineasa Cathrach Chorcaí a bhainistiú go héifeachtach, go héifeachtúil agus go cliste ionas gur féidir an leas is mó a bhaint as gach duine ar mhaith le leas an phobail, i bhfianaise spás teoranta laistigh
den chathair agus na hacmhainní airgeadaíochta teoranta atá ar fáil.
201
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook