Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

Staidéar Bonneagair Áineasa Ghníomhaigh

6.51 Tá Staidéar Bonneagair Áineasa

Ghníomhaigh coimisiúnaithe ag Comhairle Cathrach Chorcaí chun suirbhé, iniúchadh agus measúnú a dhéanamh, agus chun treoir a sholáthar ar: • Bhearnaí straitéiseacha i soláthar spóirt. • Easnaimh i soláthar bonneagair chun freastal ar riachtanais na Cathrach. • Riachtanais Bonneagair Áineasa ghníomhacha chun freastal ar Chathair Chorcaí agus a spriocfhás go dtí 2040. • Riachtanais bonneagair áineasa atá bunaithe ar uisce. • Chaighdeáin forbartha chun riachtanais na n- iarratas pleanála a threorú. 6.52 Déanfar an Plean Forbartha a nuashonrú chun toradh an Staidéir Bonneagair Áineasa Ghníomhaigh a chorprú maidir leis na cuspóirí seo a leanas: • Zónáil úsáide na talún • Tionscadail bonneagair spóirt faoin aer • Tionscadail bonneagair spóirt laistigh • Tionscadail áineasa atá bunaithe ar uisce • Caighdeáin Forbartha

Páirceanna Imeartha Féir Saorga

6.54 Príomh-riachtanas le húsáid páirce a uasmhéadú is ea forbairt páirceanna imeartha féir saorga a spreagadh agus a éascú le húsáid thar raon spóirt, clubanna agus eagraíochtaí. Ceadóidh príomh- bhuntáistí páirceanna imeartha saorga buanfas níos mó, úsáid níos éifeachtaí spáis, úsáid mhéadaithe agus solúbthacht níos mó. Saineoidh úsáid níos leithne páirceanna féar saorga saintréithe feidhmíochta agus ciallóidh sé freisin go mbeidh gá le níos lú cothabhála le haghaidh leibhéal áirithe úsáide i gcomparáid le féar nádúrtha.

Mol Ilúsáide/Samhla Spóirt

6.55 Tá deis ann mol ilúsáide / samhla spóirt a fhorbairt idir eagraíochtaí éagsúla. Ní bheidh na moil seo teoranta do spórt, club nó eagraíocht ar leith ach beidh siad oscailte don mhórphobal.

6.53 Chun a chinntiú go gcosnaítear tailte agus

áiseanna spóirt, cinnteoidh Comhairle Cathrach Chorcaí go gcuirfear páirceanna imeartha imleor ar fáil do áineas gníomhach foirmiúil i limistéir forbartha nua agus go gcosnaítear, go gcoimeádtar agus go bhfeabhsófar na háiseanna agus na tailte spóirt atá sa limistéar uirbeach bunaithe. Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí méadú ar líon na bpáirceanna imeartha sa Chathair a éascú chun an úsáid fhorleathan is fearr a bhaint as páirceanna imeartha agus chun páirceanna imeartha a úsáid seacht lá na seachtaine, faoi réir ag cosaint na n- áiseanna cónaithe in aice láimhe.

202 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by