Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

Bithéagsúlacht agus an Timpeallacht Nádúrtha

6.57 I mí na Bealtaine 2019 bhí Éire ar an dara tír ar domhan a d’fhógair ‘éigeandáil aeráide agus bhithéagsúlachta’ . Lean sí an foilsiú na tuarascála arna thacú ag na Náisiúin Aontaithe ón Ardán Idir-Rialtasach Eolaíochta-Bheartais ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) ‘Tuarascáil Mheasúnaithe Dho mhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, 2019’ a ba é tátal na tuarascála go bhfuil thart ar mhilliún speiceas ainmhithe agus plandaí i mbaol a ndíothaithe anois, go leor laistigh fiche nó tríocha bliain, níos mó ná riamh i stair an duine. Tá sé mar aidhm ag an Plean Forbartha seo, sa chomhthéacs seo, oidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht Cathrach Chorcaí a chosaint, a chur chun cinn agus a fheabhsú faoi threoir na spriocanna straitéiseacha atá leagtha amach thíos.

6.56 Cuimsíonn oidhreacht nádúrtha Cathrach

Chorcaí flóra, fána, geolaíocht agus tírdhreach. Is minic a thagraítear don éagsúlacht beatha seo mar éagsúlacht bhitheolaíoch nó bithéagsúlacht. Tá gnáthóga fiadhúlra ar fud na Cathrach Chorcaí lena n-áirítear aibhneacha, limistéir áineasa, gairdíní agus reiligí ina bhfuil go leor mamaigh, éanlaithe, inveirteabraigh, crainn agus plandaí tar éis iad a oiriúnú le maireachtáil taobh le daoine sa timpeallacht uirbeach. Cé nach bhfuil baint traidisiúnta ag foirgnimh le bithéagsúlacht, is minic a chothaíonn siad neadacha éan agus faraí ialtóg, agus d’fhéadfaí comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar bhearta chun tacú le bithéagsúlacht i bhfoirgnimh nua agus ina gcúirtealáiste.

Spriocanna Straitéiseacha Bithéagsúlachta

1. Limistéir ainmnithe oidhreachta nádúrtha agus speicis chosanta a chosaint agus a fheabhsú agus cloí leis an reachtaíocht ábhartha bithéagsúlachta ar fad;

2. A chinntiú go n-aithnítear, go gcosnaítear agus go mbainistítear go cuí láithreáin agus speicis lena mbaineann tábhacht oidhreachta nádúrtha agus bithéagsúlachta i limistéir neamhshainithe;

3. Gréasáin bonneagair ghlasa agus ghorma a chruthú agus ar an gcaoi sin conairí éiceolaíocha a chruthú a nascann limistéir lena mbaineann tábhacht bithéagsúlachta;

4. Moltaí staidéar GBI a chur i bhfeidhm agus réitigh bonneagair ghlasa agus ghorma a chomhtháthú i bhforbairtí nua;

5. A chinntiú go bhfuil gach saoránach laistigh de 5km de spás glas agus go hidéalach fiáin;

6. Sláine a chosaint agus a chothabháil agus aibhneacha agus sruthchúrsaí laistigh den chathair a uasmhéadú;

7. Crainn agus coillearnacha uirbeacha na cathrach a chosaint agus a fheabhsú; agus

8. Treoirlínte dea-chleachtais a chur chun cinn maidir le speicis choimhthíocha ionracha a bhainistiú, a rialú agus dhíothú.

Tábla 6.13: Spriocanna Straitéiseacha Bithéagsúlachta.

203

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by