Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht
6.59 Tá Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chathair Chorcaí (2021-2026) á ullmhú faoi láthair agus beidh sé ar an tríú Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta do Chathair Chorcaí. Is í an aidhm fhoriomlán an Phlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta ná oidhreacht agus bithéagsúlacht Cathrach Chorcaí a chosaint, a fheabhsú agus a chur chun cinn agus cúram ár n-oidhreachta a chur i gcroílár an phobail. Is plean gníomhaíochta e a leagann amach sraith gníomhartha réalaíocha agus praiticiúla chun ár n-oidhreacht a chosaint, a chaomhnú agus a bhainistiú thar na cúig bliana amach romhainn agus modheolaíocht chun na gníomhaíochtaí seo a chur i bhfeidhm. Áireoidh sé gníomhartha ar sheandálaíocht, ar oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha, toisc go bhfuil an bhithéagsúlacht mar chuid lárnach de gach gné na hoidhreachta. Neartóidh na gníomhartha ón bPlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta seo oidhreacht agus bithéagsúlacht Cathrach Chorcaí agus a geilleagar, trí thacú leis na hearnálacha turasóireachta agus áineasa. Cuirfidh na gníomhartha le sláinte agus le folláine ár bpobail freisin. Plean Oidhreachta & Bithéagsúlachta Chomhairle Cathrach Chorcaí (2021-2026)
Creat Príomh-Reachtach agus Beartais
6.58 Tá tábhacht na hoidhreachta nádúrtha agus na bithéagsúlachta soiléir sa chreat reachtaíochta a thacaíonn le cosaint na áiseanna seo ar leibhéal idirnáisiúnta agus náisiúnta. Forálann an Treoir um Ghnáthóga 92/43/CEEE agus an Treoir um Éin 2009/147/CE do chaomhnú gnáthóga nádúrtha, fána agus flóra fiáine agus éin fhiáine a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint leo. Bunaítear leo freisin Natura 2000, gréasán Eorpach de shuímh thábhachtacha éiceolaíochta a chuimsíonn Limistéir Chaomhantais Speisialta (SACanna) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAnna). Forálann an tAcht um Fhiadhúlra 1976 (arna leasú) do chosaint an fhiadhúlra agus do rialú gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar fhiadhúlra agus bunaítear líonra Limistéir Oidhreachta Nádúrtha na hÉireann. Éilíonn Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch (1992) go n-ullmhófar straitéisí náisiúnta bithéagsúlachta agus pleananna gníomhaíochta, agus an Pleanáil agus ceanglaíonn an tAcht Forbartha 2000 (arna leasú) cuspóirí do chaomhnú na hoidhreachta nádúrtha agus Láithreáin Eorpacha ainmnithe i bPleananna Forbartha. Tá gníomhaíochtaí agus cuspóirí spriocdhírithe do chur chuige na hÉireann i leith na bithéagsúlachta sa Phlean Náisiúnta Bithéagsúlachta 2018-2021. Tá gníomhaíochta agus cuspóirí sa Phlean Uile-Éireann um Phailineoirí (2021-2025) atá dírithe ar chabhrú le beacha, feithidí pailniúcháin eile agus bithéagsúlacht níos leithne.
Limistéir Sainithe agus Speicis faoi Chosaint
6.60 Tá roinnt gnáthóg, flóra agus fána laistigh de theorainn Chathair Chorcaí atá faoi chosaint faoi reachtaíocht náisiúnta agus AE. Tá siad liostaithe thíos agus léirithe i “Figiúr 8.1 Suíomhanna Chaomhantais Ainmnithe” tógtha ó Staidéar Bonneagair Ghlais agus Ghoirm Chathair Chorcaí 2023 agus tá siad san áireamh i dTábla 6.14.
205
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook