Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht
Spriocanna Straitéiseacha Bithéagsúlachta
A. Limistéar faoi Chosaint Speisialta Cuain Chorcaí (SPA) (Cód an tSuímh: 004030)
B.
Cainéal an Oileáin Mhóir SAC agus pNHA
C. Limistéar Oidhreachta Nádúrtha beartaithe (pNHA) Inbhir Dhúglais (Cód an tSuímh: 001046)
D. pNHA Coille Ghleann Maghair (Cód an tSuímh: 001054)
E. pNHA Cladach Dúin Citil (Cód an tSuímh: 001082)
F. pNHA Portaigh an Bhlarna (Cód an tSuímh: 001857)
G. pNHA Coille Airde Amadáin (Cód an tSuímh: 001799)
H. pNHA Gleanna na Seabharthanaí (Cód an tSuímh: 000103)
I. pNHA Coille Caisleáin an Bhlarna (Cód an tSuímh: 001039)
J. pNHA Locha an Bhlarna (Cód an tSuímh: 001798)
K. pNHA Locha Chorcaí (Cód an tSuímh: 001081) agus Tearmann Éan Fiáin
L. pNHA Pluaise Bhaile an Chollaigh (Cód an tSuímh: 001249)
M. pNHA Gleanna na Laoi - (Cód an tSuímh: 000094)
N. Tá an Laoi ainmnithe mar Abhainn Salmainide óna foinse go hOibreacha Uisce Chathair Chorcaí faoi Rialacháin an CE (Cáilíocht Uiscí Salmainide), 1988.
Tábla 6.14: Suíomhanna Ainmnithe AE agus Náisiúnta.
6.61 Faoi Threoir an AE maidir le hIasc Fionnuisce, tá an Laoi ainmnithe mar Abhainn Salmainide óna foinse go dtí Oibreacha Uisce Chathair Chorcaí. Cuireann sé seo oibleagáid caighdeáin shonracha cháilíochta uisce a choinneáil agus truailliú a rialú i bhfeidhm. I measc na speiceas éisc a fhaightear ar a fhad tá Breac, Loimpre Mhara agus Bradán. Ina theannta sin, cuireann an Laoi agus a bruacha gnáthóga, ionaid chothaithe agus scíthe ar fáil d’éagsúlacht speiceas cosanta éan, ialtóg agus mamaigh eile an madra uisce mar shampla. 6.62 Mar is amhlaidh le forálacha uile an Phlean, cuirfear Cuspóirí sa Chuid seo i bhfeidhm faoi réir chomhlíonadh na dTreoracha um Ghnáthóga agus Éin agus cuspóirí cosanta éiceolaíochta eile.
6.63 Níl aon phleananna, cláir, srl. nó tionscadail ina gcúis le tionchair suntasach carnach, díreach indíreach nó thánaisteacha ar shuíomhanna Eorpacha a eascraíonn as a méid nó a scála, tógail talún, gaireacht, riachtanais acmhainní, astaíochtaí (diúscartha chun talún, uisce nó aer), ceanglais iompair, fad na tógála, oibríochta, díchoimisiúnaithe nó aon éifeachtaí eile ar bunús an Phlean seo (ina aonar nó i gcomhcheangal le pleananna, cláir, srl. nó tionscadail eile [1] ).
[1] Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 6(4) den Treoir maidir le Gnáthóga, viz. Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ann: a) nach bhfuil aon réiteach eile ar fáil, b) cúiseanna ríthábhachtacha ar mhaithe le leas an phobail sáraitheach chun an tionscadal a chur ar aghaidh; agus c) Bearta cúiteach leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm.
206 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook