Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht
6.71 Leagann na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt amach an creat dlíthiúil agus na nósanna imeachta chun Ordú um Chaomhnú Crann a dhéanamh (TPO). Tá roinnt Orduithe Caomhnaithe Crann déanta ag Comhairle Cathrach Chorcaí atá liostaithe i dTábla 6.15 thíos. Le linn shaolré an Phlean Forbartha, leanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le measúnú a dhéanamh ar chrainn sa Chathair agus, nuair is cuí, déanfaidh sí Orduithe nua um Chosaint Crann.
Castletreasure, Dúglas
Tábla 6.15: Orduithe Caomhnaithe Crann i gCathair Chorcaí.
Geolaíocht
6.72 Is cuid lárnach dár n-oidhreacht nádúrtha í Geolaíocht Chathair Chorcaí agus sainíonn sí tírdhreach agus leagan amach na cathrach. Tá dhá Láithreán Geolaíochta Contae neamhiniúchta sa Chathair (CGSs): • Cairéal an Diamaint Dúcharraige, Baile an Teampaill, (GR 169400, 071400), faoin IGH Téama IGH 6 Mianreolaíocht. • Stráice Íosaif ar Bóthar na Laoi, (GR 164000, 071400), faoin IGH Téama IGH 10 Deavónach. 6.73 Aithníonn Comhairle Cathrach Chorcaí an gá atá le gnéithe tábhachtacha inspéise geolaíochta sa Chathair a chothabháil agus a chaomhnú agus oibreoidh sí le páirtithe leasmhara ábhartha, de réir mar is cuí, chun na láithreáin atá aitheanta mar shuíomhanna is díol spéise geolaíochta a chaomhnú.
Drioglanna na hÉireann, An Meal Thuaidh
Westboro, Bóthar Ghleann Maghair Láir
Radharc an Locha, Bóthar an Chaisleáin
Cearnóg Belgrave, Bóthar Wellington
Bóthar Rinn Mhachan
Baile Róis, Seanbhóthar Eochaille
Cnocán an Tobair
Rockmahon, Bóthar an Chaisleáin
Teach Gort an tSrutháin (Sráidbhaile), Bóthar an Choláiste
Páirc na bhFianna, Ard Glas
Ard na Laoi, Bóthar Ghleann Maghair Láir
205
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook