Speicis Choimhthíocha Ionracha
6.74 Is féidir le speicis ionracha plandaí agus ainmhithe neamhdhúchasacha a bheith ina mbagairt mhór don bhithéagsúlacht. Is féidir tionchar diúltach a bheith acu ar speicis dhúchasacha, gnáthóga a claochlú agus bagairt a dhéanamh ar éiceachórais iomlána a bhfuil impleachtaí tromchúiseacha acu don chomhshaol nádúrtha agus tógtha agus don gheilleagar. Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí le húinéirí talún, páirtithe leasmhara agus pobail áitiúla chun tabhairt isteach agus scaipeadh speicis choimhthíocha ionracha a chosc. 6.75 Agus an Plean seo á ullmhú agus cuspóirí á bhforbairt, chloígh Comhairle Cathrach Chorcaí leis na prionsabail seo maidir le Cur Chuige Seirbhísí Éiceachórais: • Smaoineamh ar chórais nádúrtha trí úsáid a bhaint as eolas ar idirghníomhaíochtaí sa dúlra agus conas a fheidhmíonn éiceachórais. • Ag cur san áireamh na seirbhísí a sholáthraíonn éiceachórais, lena n-áirítear iad siúd atá mar bhonn agus mar thaca ag folláine shóisialta agus eacnamaíoch, amhail rialáil tuilte agus aeráide, acmhainní le haghaidh bia, snáithín, breosla, nó le haghaidh áineasa, cultúir agus cáilíocht na beatha. • Ní mór do dhaoine, iad siúd a bhaineann leas as na seirbhísí éiceachórais agus iad siúd atá á mbainistiú acu a beith páirteach i gcinntí a théann i bhfeidhm orthu. Thug comhairliúchán poiblí eolas d’ullmhú an Phlean seo . Cur Chuige Seirbhísí Éiceachórais agus Caipiteal Nádúrtha
6.76 Cuirfidh Comhairle Cathrach Chorcaí Cur Chuige Seirbhísí Éiceachórais chun cinn, de réir na bprionsabal thuas, ina próisis cinnteoireachta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hullmhú pleananna reachtúla úsáide talún. 6.77 Mar aitheantas ar an ngá atá le caipiteal nádúrtha a bhainistiú, comhtháthaíodh forálacha sa Phlean seo a chuideoidh le cáilíocht an aeir, truailliú ó thorann agus solais, cáilíocht uisce agus bainistíocht chomhtháite abhantraí a bhainistiú.
1 Is pobail ilfheidhmeacha orgánach beo iad éiceachórais a idirghníomhaíonn lena chéile agus lena dtimpeallacht. Soláthraíonn éiceachórais sraith seirbhísí ar mhaithe le folláine an duine (seirbhísí éiceachórais) a chuireann go díreach nó go hindíreach le folláine an duine.
2 Acmhainní in-athnuaite agus neamh-inathnuaite (m.sh. plandaí, ainmhithe, aer, uisce, ithreacha, mianraí).
207
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook