Chapter 6 I Green and Blue Infrastructure, Open Space and Biodiversity
Cuspóirí Bonneagair Ghlais agus Ghoirm, Spáis Oscailte
agus Forbartha Bithéagsúlachta
Cuspóir Straitéiseach 5 Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht
Chun an bonneagar glas agus gorm Cathrach Chorcaí a neartú. Bithéagsúlacht agus nascacht ghnáthóg a chosaint agus a chur chun cinn agus limistéir nádúrtha a chosaint. Carachtar tírdhreacha agus oidhreacht mhuirí uathúil Chathair Chorcaí a chosaint agus a fheabhsú. A chinntiú go bhfuil rochtain ag cónaitheoirí Chathair Chorcaí ar fad ar spásanna oscailte, áiseanna áineasa agus áise agus limistéir nádúrtha. Tá gréasán bonneagair láidir ghlais agus ghoirm riachtanach do cháilíocht na beatha do chónaitheoirí Chathair Chorcaí agus cuireann sé le cruthú áiteanna inar mian le daoine cónaí agus oibriú. Tá sé mar chuspóir ag Comhairle Cathrach Chorcaí Cathair shláintiúil, ghlas agus nasctha a bhaint amach le spásanna oscailte ardcháilíochta agus idirnasctha, páirceanna, limistéir nádúrtha éagsúla agus conairí glasa agus gorma. Beidh meas ag moltaí d’fhorbairt nua i gCathair Chorcaí agus léireoidh siad topagrafaíocht, t írdhreach agus éiceolaíocht na Cathrach, agus cosnóidh agus feabhsóidh siad bonneagar glas agus gorm na Cathrach trína chinntiú nach scarann an fhorbairt leis na gréasáin bonneagair ghlais agus ghoirm atá ann cheana féin. Léireoidh moltaí d’fhorbairt nua a n chaoi a ndéantar bonneagar glas agus gorm, spás oscailte, spórt agus áineas, tírdhreach agus bithéagsúlacht a mheas i gcomhréir le scála agus
209
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook