Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

Forbairt ar Bealaigh na Radharc

Stráitéis Spáis Oscailte Tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí Straitéis Spáis Oscailte ar fud na cathrach a ullmhú le linn shaolré an Phlean seo chun a chinntiú go bhfuil creat ag Cathair Chorcaí chun straitéis, tionscadail agus caighdeáin a shainiú chun a chinntiú go mbeidh gréasán spásanna oscailte den scoth ag Cathair Chorcaí chun freastal ar na riachtanais dá áithritheoirí. Áireofar sa straitéis líonraí bealaí GBI atá ann chean féin, atá ag teacht chun cinn agus a bheidh ann sa todhchaí a shainaithint laistigh de chomharsanachtaí, bailte uirbeacha agus cúlchríche na cathrach. Déanfar síntí agus naisc leis an ngréasán cathrach GBI a imscrúdú freisin agus pleanálfar dóibh.

Carachtar na amhairc agus na radharcanna atá ar fáil ó bhealaí na radharc a shainaithnítear sa Phlean seo a chosaint; Ceangal a chur orthu siúd ar mian leo forbarit a dhéanamh sa chomharsanacht ar bhealach na radharc, a léiriú nach mbeidh aon bhac nó díghrádú díobhálach ar na radhairc i dtreo agus ó ghnéithe leochaileacha tírdhreacha. I gceantair den sórt sin, ní mór oiriúnacht dearadh, leagan amach an tsuímh, agus tírdhreachtú na forbartha a bheartaítear a léiriú mar aon le bearta maolaithe chun athruithe suntasacha ar chuma nó ar charachtar an cheantair a chosc; Spreagadh a thabhairt do thírdhreachú cuí agus cur folaithe ar fhorbairtí feadh bealaí na radharc a thugann treoir maidir le tírdhreachú.

Cearta Slí Poiblí

A bheith ar an eolas faoin ngá atá le gach ceart slí poiblí i gCathair Chorcaí a chaomhnú, deiseanna a spreagadh chun cearta slí atá ann cheana féin a fheabhsú nó a chruthú chun rochtain ar chladach, sléibhe, cladach locha, bruach abhann, áit áilleachta nádúrtha nó áisiúlacht áineasa a fheabhsú agus cosc a chur ar fhorbairt a mbeadh drochthionchar aige ar na mbealaí; Féachaint le cearta slí i gceantar na Comhairle Cathach a mheas, a aithint agus a chosaint laistigh de thréimshe an Phlean

214 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by