Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht
Spás Oscailte Poiblí Limistéir spáis oscailte poiblí a chosaint, a choinneáil, a fheabhsú agus a sholáthar chun cuspóir áineasa agus áise. Beidh toimhde ann i gcoinne fhorbairt talún zónáilte mar Spás Oscailte Poiblí chun cuspóir eile; Beidh toimhde in aghaidh forbartha ar gach spás oscailte in eastáit chónaithe sa chathair, lena n- áirítear aon limistéar glas / limistéar áise poiblí a bhí mar chuid de chead pleanála forbraíochta agus a aithníodh chun críocha spás oscailte áineasa / áise, agus lena n-áirítear freisin talamh a úsáidtear de ghnáth mar spás oscailte poiblí. Cosnófar na tailte sin chun cuspóir áineasa, spáis oscailte agus áise; Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag forbairt spásanna oscailte “feabhsú agus cosaint a dhéanamh ar ghnéithe nádúrtha agus radhairc agus a bheith suite i dtimpeallachtaí sábháilte agus slán le béim ar spásanna oscailte gníomhacha a bhfuil rochtain ag gach earnáil den phobal orthu agus a mbaineann taitneamh astu; Cur chuige de chaighdeáin cháilíochtúla agus chainníochtúla a leanúint do spásanna oscailte a sholáthraíonn spásanna oscailte ardchaighdeáin le leibhéil arda rochtana ar áineasa do phobail áitiúla, lena n-áirítear dea-chleachtais de dhearadh cuimsitheach; Ba cheart torthaí dearaidh sonracha a fhrámú i ndáil le spásanna atá á gcruthú nó á bhfeabhsú (m.sh. maidir le cothabháil, nochtadh agus nascacht dúlra, tírdhreach straitéiseach agus ról sóisialta). Tacaíocht a thabhairt do bhearta chun an chathair a ghlasú, lena n-áirítear féar a athchur ag fás ar limistéir oiriúnacha le dromchla crua i suíomhanna ar fud na Cathrach.
Páirceanna Cathrach agus Soláthar Spáis Oscailte Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí:
A chinntiú go mbeidh rochtain ag gach cónaitheoir ar ordlathas páirceanna agus spásanna oscailte gar dá dteach chun riachtanas áineasa agus rochtain ar an dúlra a sholáthar; Soláthar a dhéanamh do riachtanais áise áineasa trí pháirceanna agus spásanna oscailte laistigh de Chathair Chorcaí a chosaint, a choinneáil agus a fheabhsú. Beidh toimhde in aghaidh forbarit talún zónáilte do spás oscailte poiblí chun cuspóir eile; A chinntiú go soláthraíonn forbairtí de gach cineál úsáide talún spás oscailte oiriúnach chun freastal ar riachtanais na gcónaitheoirí, na n-oibrithe agus na gcuairteoirí; Tionscadail a sheachadadh chun gréasán na bPáirceanna Cathrach a sholáthar agus a fheabhsú.
215
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook