Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 6 I Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht

Láithreáin Ainmnithe agus Speicis faoi Chosaint Láithreáin ainmnithe agus limistéir oidhreachta nádúrtha agus bithéagsúlachta agus na gnáthóga, flóra agus fána dá bhfuil sé ainmnithe a chosaint agus a fheabhsú, agus speicis ainmnithe a chosaint a fheabhsú agus a chaomhnú

Oidhreach Nádúrtha agus Bithéagsúlacht Oidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht Chathair Chorcaí a chosaint, a chur chun cinn agus a fheabhsú;

Tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Bithéagsúlachta agus an Phlean Uile-Éireann um Phailniú agus foilseacháin chomharba i gCathair Chorcaí; Tacú leis na gníomhartha bithéagsúlachta ó Phlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chathair Chorcaí (2021-2026) agus iad a chur i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir; Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí bunachar sonraí bithéagsúlachta na Cathrach a bhunú agus a úsáid, a mbeidh rochtain air ar fud gach roinne den chomhairle lena bhreithniú i gcinnteoireacht bainistíochta talún; Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí le pobail chun feabhas a chur ar cheantair nua, agus ar sholáthar na gceantar nua, saibhir ó thaobh bithéagsúlachta ar fud na Cathrach, lena n- áirítear foirgnimh aonair, sráideanna, spásanna poiblí agus príobháideacha trí thacú le soláthar díonta agus ballaí glasa, gairdíní baistí, páircíní atá saibhir i mbithéagsúlacht, bailiú báistí, bruacha nádúrtha agus draenáil uirbeach inbhuanaithe (SUDanna) nádúraithe; Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí, nuair is cuí, nascacht líneach na ngnáthóg a fheabhsú, lena n-áirítear idirnascadh agus feabhsú: Coillearnaí, gairdíní, spásanna oscailte, páirceanna agus fálta sceach.

Eolas le Breathnú le hAghaidh Forbartha a Bhaineann le Láithreáin Ainmnithe A chinntiú go dtugann moltaí forbartha a bhfuil tionchar acu ar láithreáin ainmnithe aird ar leochaileacht a aithníodh sa Tuarascáil Timpeallachta SEA a ullmhaíodh maidir leis an bPlean seo.

Limistéir Neamhshainithe a bhfuil Tábhacht Bhithéagsúlachta ag baint leo Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí líonraí éiceolaíochta na Cathrach agus conairí de luach bithéagsúlachta áitiúil a mhapáil lasmuigh de limistéir ainmnithe, agus oibriú le páirtithe leasmhara áitiúla chun tacú le bainistíocht éifeachtach ar ghnéithe atá tábhachtach d’fhlóra agus d’fhána fiáin agus do ghnáthóga.

Gnáthóga cósta, dobharcheantair aibhneacha, locha, srutháin, locháin.

Gnáthóga uisceacha, imeallacha agus bruacha. Páirceanna, páirceanna imeartha agus limistéir áineasa. Zóin tuilte atá léarscáilithe in aghaidh an tsrutha. Bealaí iompair na cathrach.

217

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by