Caibidil 2 I Croístraitéis
Réamhrá
Comhthéacs Chathair Chorcaí 2.2 Tógtha timpeall ar oileáin inbhearacha i ngleann na Laoi, tá Cathair Chorcaí múnlaithe ag a tírdhreach rollta, uiscebhealaí agus meascán saibhir d’oidhreacht nádúrtha, tógtha agus cultúir. Tar éis di dul suas de réir a chéile suas na cnoic géara a ardaíonn ó thuaidh agus ó dheas, leathnaíonn an chathair anois níos doimhne isteach ina cúlchríoch. Sa lá atá inniu ann, cuimsíonn timpeallacht uirbeach Chathair Chorcaí bailiúchán sráideanna, foirgnimh, aibhneacha agus uiscebhealaí, páirceanna, spásanna poiblí, gnáthóga nádúrtha, coillearnacha dúchasacha, crainn agus fálta sceach. Baineann cáilíocht an chomhshaoil seo go díreach le cáilíocht na beatha, sláinte agus folláine gach duine a chónaíonn, a oibríonn agus a thugann cuairt ar an gcathair. Príomhthasc i seachadadh agus i gcur i bhfeidhm an Phlean seo is ea na cáilíochtaí seo a aithint, a bhainistiú agus a fheabhsú.
2.1 Leagtar amach sa chaibidil seo an Croí-Straitéis do Phlean Forbartha na Cathrach. Agus é bunaithe ar chomhthéacs Chathair Chorcaí agus ar raon de phleananna agus de bheartais idirnáisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, áirítear ann Cuspóirí Straitéiseacha atá deartha chun cáilíocht na beatha sa chathair a fheabhsú. Tá spriocanna daonra agus tithíochta leagtha amach ar aon dul leis an Measúnú ar Riachtanais agus Éileamh Tithíochta, an Straitéis Tithíochta agus an Staidéar Acmhainne atá mar bhonn agus thaca ag an bPlean. Aithnítear láithreacha oiriúnacha le haghaidh forbartha agus fáis, le béim ar fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach, fás dlúth inmharthana agus cur le cáilíocht na beatha sa chathair.
Fíor 2.1: Lorg Tógtha Chathair Chorcaí i gComhthéacs.
24 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook