Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

fáilteachais, cultúrtha, turasóireachta agus miondíola ar fáil chun tacú le riachtanais gnólachtaí chomh maith le cónaitheoirí agus cuairteoirí chuig an réigiún. Próifíl Eacnamaíoch 7.3 Tá sonraí na Próifíle Eacnamaíoch Chathair Chorcaí curtha i láthair sa Phróifíl Socheacnamaíoch na Cathrach. Tá sé seo bunaithe ar shonraí Dhaonáireamh 2016, na sonraí is cothroime le dáta a bhí ar fáil ag an am ullmhaithe an phlean seo. Léiríonn an phróifíl: • Go bhfuil céatadán níos ísle ná an meán de dhaoine ag obair i dTalmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht (1%); Tógáil agus foirgníocht (4%); agus Riarachán Poiblí (4%); • Go bhfuil sciar níos airde ná an meán de dhaoine ag obair sa Dhéantúsaíocht (15%), rud a mheastar a bheith ann i bhfianaise neart roinnt earnálacha déantúsaíochta sa CMA. • Go bhfuil sciar níos airde (10%) den dhaonra oibre fostaithe san Iompar agus Cumarsáid ná mean an Stáit; agus

Réamhrá

7.1 Aithnítear Ceantar Uirbeach Chorcaí (CMA) mar phríomhbhonn fostaíochta agus mar thiománaí geilleagrach in Éirinn. Le blianta beaga anuas, d’éirigh leis an CMA leibhéal suntasach infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) agus fiontair dhúchasacha a tharraingt, treocht atá ag luasghéarú le blianta beaga anuas. D’éirigh go maith leis an CMA maidir le hinfheistíocht a tharraingt i bpríomhearnálacha amhail bithchógaisíocht, feistí leighis, bia, seirbhísí gnó idirnáisiúnta agus an Ionad Trádála Idirnáisiúnta (ITC). Tá an Chathair ag tógáil láidreachtaí freisin i gcnuasaigh atá ag teacht chun cinn go tapa agus atá ag méadú i réimsí mar sheirbhísí airgeadais, teicneolaíocht an airgeadais, cibearshlándáil agus fuinneamh. 7.2 Ina theannta sin, feidhmíonn an chathair mar cheann de phríomhionaid seirbhísí na hÉireann. Cuireann Cathair Chorcaí raon seirbhísí gnó,

220 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by