Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht
léiríonn an dá rud deiseanna agus rioscaí do gheilleagar Chorcaí. Tá raon beartais agus straitéisí á n-ullmhú faoi láthair nó eile tá siad ullmhaithe cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo. Tá siad seo deartha sa deireadh chun tacú le fás leanúnach gheilleagar na hÉireann.
7.4 Rud atá tábhachtach, léiríonn an Phróifíl Shocheacnamaíoch na ceantair ina bhfuil saibhreas agus bochtaineacht choibhneasta ar fud na Cathrach. Deimhníonn sé seo an tábhacht a bhaineann le héiceachórais fostaíochta a sholáthar a chruthaíonn deiseanna fostaíochta oiriúnacha do gach duine a bhfuil ina gcónaí sa Chathair. 7.5 Ina theannta sin, léiríonn próifíl eacnamaíoch Chorcaí spleáchas ar dhéantúsaíocht agus ar sheirbhísí ardluacha. Beidh sé mar phríomhchuspóir ag Plean Forbartha na Cathrach a chinntiú go mbeidh an chathair in ann leanúint ar aghaidh ag dul san iomaíocht chun infheistíocht dhúchasach agus eachtrach a tharraingt agus ag an am céanna raon leathan deiseanna fostaíochta a chruthú a fheileann do riachtanais na gcónaitheoirí go léir ar bhealach atá cuimsitheach sóisialta. Ciallóidh sé seo go mbeidh ar an gComhairle Cathrach, in éineacht le comhpháirtithe i GFT, Fiontraíocht Éireann, UCC, MTU agus eagraíochtaí ionadaíocha gnó leanúint ar aghaidh le comhoibriú chun na scileanna, an taighde agus an fhorbairt a fheabhsú chun a chinntiú gur féidir le gnólachtaí i gCorcaigh deiseanna nuálaíocht agus fostaíocht a chruthú. Tá sé seo ag teastáil chun leanúint le Chorcaí a chur shuíomh gnó iomaíoch domhanda. Comhthéacs Beartais
Creat Náisiúnta Pleanála
7.7 D’fhoilsigh Rialtas na hÉireann an Creat Náisiúnta Pleanála (NPF) in 2018. Soláthraíonn sé seo creat d’fhorbairt fhadtéarmach na hÉireann go dtí 2040, a bheidh mar bhonn is mar thaca ag infheistíocht de sheicheamh Pleananna Forbartha Náisiúnta (NDP). Leagann an NPF amach 10 dTorthaí Straitéiseacha Náisiúnta, lena n- áirítear forbairt ‘geilleagar láidir a d tacaítear leis trí fhiontar, nuálaíocht agus scileanna’ (NPF L13). Tugann an NPF le fios go bhfuil an cuspóir seo le baint amach trí thiománaithe eacnamaíocha réigiúnacha a thógáil agus trí thacú le deiseanna chun an geilleagar tuaithe a éagsúlú agus a neartú, chun cumas áiteanna a threisiú. Chun an toradh seo a sheachadadh beidh gá le comhordú fáis agus comhfhorbairt áite le hinfheistíocht i mbonneagar den scoth, lena n-áirítear nascacht dhigiteach, agus i scileanna agus talann chun tacú le hiomaíochas eacnamaíoch agus fás fiontair. Rud atá tábhachtach, athdhearbhaíonn an NPF an thábhacht a bhaineann le chinntiú go mbaintear amach fás eacnamaíoch ar bhealach inbhuanaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar athrú aeráide. Leagann an NPF béim ar an ról atá ag cathracha, lena n-áirítear Corcaigh, maidir le fás eacnamaíoch réigiúnach a thiomáint, go háirithe chun scileanna a mhealladh agus tairseach chriticiúil a sheachadadh chun infheistíocht i sármhaitheas a éascú. Rud atá tábhachtach, leagann an NPF chun suntais nach féidir na cuspóirí eacnamaíocha d’Éirinn a bhaint amach gan breithniú a dhéanamh ar sholáthar tithíochta, sláinte, seirbhísí sóisialta, áiseanna pobail mar aon le raon seirbhísí cultúrtha agus tráchtála eile. Leagann an NPF béim ar an ngá atá le fás agus le héagsúlú bonn fostaíochta Chorcaí trí na coinníollacha a chruthú chun nuálaithe agus fiontraithe cumasacha a tharraingt agus a choinneáil agus bheith inrochtana d’infheisteoirí .
7.6 Tá an Plean Forbartha Cathrach á ullmhú i
gcomhthéacs paindéime domhanda COVID 19. Bhí tréimhse éiginnteachta mar thoradh air seo agus gnólachtaí ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin oibriúcháin maidir le cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí, rud a d’athraigh go soiléir de réir mar a d’athraigh nádúr agus leigheas an víris . Ina theannta sin, d’fhág an RA, go stairiúil, príomh-chomhpháirtí trádála na hÉireann, an tAontas Eorpach (AE) ar 1 Eanáir 2021. Cé nach eol tionchair mheántéarmacha na n- imeachtaí seo, ó thaobh an gheilleagair dhomhanda nó áitiúil araon, leagann siad béim ar thábhacht na seasmhachta, na nuálaíochta agus aclaíocht i measc na n-earnálacha fostaíochta go léir, cibé acu san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach. Go háirithe, baineann go leor den tráchtaireacht le héagsúlú margaí agus le digitiú gnó luathaithe, agus
222 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook