Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

7.32

Continue to Improve Quality of Placemaking

Breathnóidh Comhairle Cathrach Chorcaí ar bhealaí le hinbhuanaitheacht an bhia a itear sa chathair a fheabhsú trí tháirgí áitiúla agus feirmeoireacht uirbeach a chur chun cinn.

7.34 Aithnítear comhfhorbairt áite ar ardchaighdeán mar mhodh chun caighdeán na beatha na gcónaitheoirí a fheabhsú agus chun cuairteoirí a mhealladh chuig an gcathair. Ina theannta sin, feabhsaíonn cáilíocht na cathrach an cumas chun lucht saothair oilte soghluaiste idirnáisiúnta a mhealladh. Cuirfidh Comhairle Cathrach Chorcaí feabhsuithe ar an bhfearann poiblí i bhfeidhm ar fud na cathrach, go háirithe, Páirc an Easpaig Lucey, Páirc na Muiríne, Ceathrú na Paráid Mhór, Sráid Mhic Curtáin mar aon le ceantair eile i lár na cathrach agus comharsanachtaí ar fud na cathrach.

Turasóireacht a Fheabhsú

7.33 Cé gur cathair tharraingteach í Corcaigh, ní mór di a margadh turasóireachta a éagsúlú trí níos mó turasóirí fóillíochta a mhealladh, mar go dtagann tromlach na dturasóirí chuig an gcathair chun críocha gnó. Bainfear é seo amach trí raon níos leithne gníomhaíochtaí a fhorbairt sa chathair. Tacóidh Comhairle Cathrach Chorcaí le leathnú ar thairiscint chultúrtha na cathrach, go háirithe, forbairt Ionadh Ealaíon Crawford agus soláthar Ionad Imeachtaí Chorcaí. Ina theannta sin, oibreoidh an Chomhairle Cathrach leis na nithe is díol spéise atá ann cheana féin chun a dtairiscint a fheabhsú go leanúnach. Cumasóidh an Chomhairle Cathrach leathnú an raoin tarraingtí cultúrtha, le béim ar shócmhainní muirí agus oidhreachta eile na Cathrach. Tacóidh Comhairle Cathrach Chorcaí le forbairt gníomhaíochtaí lasmuigh, lena n-áirítear bia amuigh faoin aer, spóirt agus gníomhaíochtaí cultúrtha. Cuirfidh Comhairle Cathrach Chorcaí straitéis comharthaíocht bealaigh i bhfeidhm don chathair, chun eolas agus léirmhíniú ar an raon gníomhaíochtaí sa chathair a fheabhsú. Ba chóir go mbeadh an soláthar lóistín turasóireachta ag teacht leis an éileamh ar bhealach inbhuanaithe.

Geilleagar Éagsúil & Athléimneach a Thógáil

7.35 Tá athléimneacht eacnamaíoch ag brath ar éagsúlacht na gníomhaíochta eacnamaíche agus ar an scóip chun earnálacha eacnamaíocha nua nó éiritheacha a mhealladh. Chomh maith leis na réitigh réadmhaoine agus an éiceachóras fiontraíochta, tacóidh Comhairle Cathrach Chorcaí le raon éagsúil earnálacha eacnamaíocha trí sholáthar fóntais, nascacht / leathanbhanda agus réitigh iompair a theastaíonn ó na hearnálacha seo a chumasú. Go háirithe, leanfaidh Cathair Chorcaí ag cur in oiriúint don timpeallacht dhigiteach atá ag forbairt go tapa agus beidh sé mar aidhm aici

232 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by