Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe 2.7 I mí Mheán Fómhair 2015 ghlac ceannairí domhanda Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (NA) um Fhorbairt Inbhuanaithe. Is treochlár domhanda é an Clár ina leagtar amach gníomhaíochtaí do dhaoine, don phláinéid agus don rathúnas. Cuirtear in iúl é trí 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) atá leagtha amach chun deireadh a chur le bochtaineacht, éagothroime agus éagóir a chomhrac agus dul i ngleic le hathrú aeráide faoi 2030. Tá aidhmeanna, spriocanna agus táscairí sonracha ag gach SFI a úsáideann ballstáit na NA chun a gcuid gníomhaireachtaí agus a mbeartais a chumadh. Tá an Plean seo deartha lena chinntiú gur féidir le Cathair Chorcaí a ról a imirt i dtacú le seachadadh na SFI.

2.5 Leagann an croístraitéis plean fáis amach do Chathair Chorcaí a chuimsíonn spriocanna daonra agus láithreacha le haghaidh fáis sa todhchaí suas go dtí 2028 agus ina dhiaidh sin. Tá na spriocanna agus na láithreacha fáis seo ag teacht leis na huaillmhianta agus na spriocanna uileghabhálacha atá leagtha síos do Chathair Chorcaí san CNP agus san SRSE.

2.6 Feidhm lárnach den Chroí-Straitéis is ea

cothromaíocht inghlactha a chinntiú i soláthar talún criosaithe, seirbhísithe a cheadaíonn an fás daonra réamh-mheasta suas go dtí 2028. Tá an riachtanas seo bunaithe ar fhianaise. Rinne Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí comhchoimisiúnú ar Straitéis Tithíochta agus Anailís ar Éilimh ar Riachtanais Tithíochta (AÉRT). Soláthraíonn an staidéar réamhaisnéis ar an gcineál tionachta tithíochta a bheidh ag teastáil sa Chathair agus sa Chontae do thréimhse an phlean, rud a thugann eolas don chandam de thalamh criosaithe le seirbhísí a theastaíonn chun an sprioc seo a bhaint amach.

26 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1

Powered by