Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

Príomhchineála cha Fostaíochta

7.46 Is gnách go mbíonn dlús ard fostaíochta ag gníomhaíochtaí bunaithe ar oifig i gcomparáid le húsáidí déantúsaíochta agus mar sin is fearr a oireann do shuíomhanna a bhfuil rochtain orthu ar iompar poiblí agus ar mhodhanna iompair inbhuanaithe eile 3 . Níl tionchar na paindéime COVID 19 ar dhlús na bhfostaithe in aghaidh an spáis oifige soiléir go fóill, áfach, táthar ag súil go mbeidh dlús níos ísle ag teastáil ó fhostóirí agus, i gcásanna áirithe go dtairgfidh siad réiteach oifige cumaisc agus cianobair. Soláthrófar don dá rogha i gCathair Chorcaí. 7.47 Is iad Cathair Chorcaí, agus go háirithe Lár na Cathrach le soláthar comhréireach sna Láir Cheantair agus sna bailte uirbeacha, na láithreacha is oiriúnaí agus is inbhuanaithe d’fhorbairt oifige.

Oifigí

7.45 Is cuid ríthábhachtach d’eacnamaíocht Chathair Chorcaí úsáidí oifige agus cuireann siad méid suntasach fostaíochta ar fáil, go háirithe i Lár na Cathrach. Tarlaíonn raon leathan gníomhaíochtaí i dtimpeallacht oifige lena n-áirítear oifigí miondíola amr bhainc, gníomhaíochtaí gnó ginearálta ach úsáidí teicneolaíochta freisin mar forbairt bogearraí agus cineálacha éagsúla taighde agus forbartha.

240 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by