Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

chosaint, pobail tuaithe atá sábháilte agus slán a éascú agus caighdeán na beatha méadaithe do gach cónaitheoir faoin tuath a chothú”.

Geilleagar Tuaithe

Tá sé mar bhonn agus mar thaca ag an bPlean Forbartha seo agus tacóidh agus éascóidh Comhairle Cathrach Chorcaí fás agus éagsúlú an gheilleagair tuaithe mar aon le feabhsúcháin ghaolmhara chun cabhrú le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha dóibh siúd atá ina gcónaí i lonnaíochtaí tuaithe agus sa chúlchríoch. 7.67 I mí an Mhárta 2021, d’fhoilsigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ‘Ár dTochaí Tuaithe: treoirphlean an Rialtais chun an tuath in Éirinn a bhunathrú’. Cruthaíonn sé straitéis bhunathraithe 5 bliana d’fhorbairt tuaithe a dhíríonn ar cianobair a éascú, lár na mbailte a athbheochan, poist tuaithe, turasóireacht eachtraíochta, an geilleagar glas agus roll amach leathanbhanda. Tá na breithnithe seo go léir infheidhme go cúlchríoch Chathair Chorcaí.

7.65 Soláthraíonn geilleagar na tuaithe fostaíocht i gcúlchríoch na Cathrach. Tá ról aige freisin maidir le soláthar bia inbhuanaithe a sholáthar, aistriú i dtreo sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin, feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil,

caomhnú an tírdhreacha nádúrtha agus saintréithe ár gceantar tuaithe, tacú le

turasóireacht agus éascú áineas gníomhach. I gcomhthéacs Chathair Chorcaí, tacaíonn an chúlchríoch tuaithe le meascán de ghnóthaí de mhéideanna éagsúla thar raon earnálacha; áfach, tá sé faoi thionchar láidir uirbeach freisin agus ní mór don phlean forbartha a charachtar agus a cháilíocht a chosaint, agus ag an am céanna tacú lena riachtanais tithíochta, fostaíochta, bhonneagair agus pobail.

Cairéil agus Acmhainní Thathagaithe

7.68 Faoi láthair níl aon cairéal cláraithe faoi Alt 261 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) ag feidhmiú laistigh de limistéar feidhme Chomhairle Cathrach Chorcaí, agus mar gheall ar a nádúr tógtha den chúis is mó, meastar go bhfuil acmhainn teoranta do ghníomhaíocht cairéalachta. Mar sin féin, toisc gur féidir le heastóscadh mianraí agus leis an tionscal comhiomlán amhábhar a sholáthar don tionscal tógála, tá sé tábhachtach aon chúltaisce comhiomlán agus mianraí a chosaint ó fhorbairt a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a n-úsáid. Toisc gur féidir leis na próisis a bhaineann le heastóscadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí fadtéarmacha comhshaoil agus athrú suntasach a dhéanamh ar charachtar an tírdhreacha chomh maith le tionchar diúltach a imirt ar áis chónaithe, tá gá freisin le cothromaíocht a dhéanamh idir na tairbhí eacnamaíocha as eastóscadh agus tionchar féideartha comhshaoil. Ní cheadófar astarraingtí as a dtiocfadh laghdú ar áis amhairc limistéir ardscéimhe nó damáiste do limistéir de thábhacht eolaíoch nó de thábhacht nádúrtha

7.66 Tá sé mar aidhm ag ceann de na 10 dTorthaí Straitéiseacha Náisiúnta sa Chreat Pleanála Náisiúnta geilleagair agus pobail tuaithe níos láidre a sheachadadh agus tá súil ag Cairt an Rialtais do Thuaithe na hÉireann (2016) “tacú le cruthú agus forbairt fiontar, oidhreacht chultúrtha na tuaithe a chothabháil agus a athchóiriú, bailte agus lonnaíochtaí atá ann cheana féin a thacú agus a

237

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by