Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

leathnú ar thairiscint chultúrtha na cathrach, go háirithe forbairt Dánlann Crawford agus seachadadh Ionad Imeachtaí Chorcaí. 7.77 Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí iniúchadh freisin i gcomhar le geallsealbhóirí ar dheiseanna chun feabhsuithe ar an bhfearann poiblí a thabhairt isteach agus úsáid níos fearr a bhaint as ár mbonneagar glas agus gorm, go háirithe mar chuid dár moltaí uaillmhianacha maidir le hathghiniúint, fás dlúth agus comharsanacht cathrach. 7.78 Mar aon le gach téama eile sa Phlean Forbartha seo, cuireann Comhairle Cathrach Chorcaí aistriú i dtreo earnáil turasóireachta atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil chun cinn go gníomhach.

7.74 Is cuid lárnach de thairiscint turasóireachta Chathair Chorcaí ia áiseanna oidhreachta, cultúrtha, cruthaitheacha agus ealaíon agus is iad seo a spreagann tuilleadh fáis ar líon na gcuairteoirí. Pléitear iad seo go mion i gCaibidil 8 agus pléitear acmhainneacht turasóireachta na gcodanna tuaithe den chathair níos leithne thuas agus tugtar aghaidh ar Bonneagar Glas agus Gorm na Cathrach i gCaibidil 6 Bonneagar Glas agus Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht. 7.75 Mar a dúradh roimhe seo, agus an Plean Forbartha a ullmhú, tá Comhairle Cathrach Chorcaí ag obair le Fáilte Ireland agus le páirtithe leasmhara eile chun Plean Forbartha Taithí Ceann Scríbe a ullmhú do Chathair Chorcaí agus Oirthear Chorcaí. Táthar ag súil go dtabharfaidh sé seo aghaidh ar an spleáchas atá ag margadh turasóireachta Chathair Chorcaí ar thurasóireacht tráchtála. Is gá an bonn seo a leathnú chun turasóireacht fóillíochta a chuimsiú trí tháirgí agus gníomhaíochtaí turasóireachta a fhorbairt sa chathair.

Lóistín Cuairteoirí

7.79 Is príomhfhachtóir cumasaithe e infhaighteacht rogha lóistín cuairteoirí thar raon cineálacha lóistín chun fás turasóireachta a chothú. Tá an stoc lóistín i gCathair Chorcaí, cosúil le cathracha ar fud an domhain, ualaithe i dtreo óstáin. In ainneoin fás teoranta roimh 2018 agus tearc-sholáthar maidir le spásanna leapa do chuairteoirí, tá méadú suntasach tagtha ar líon na dtograí óstán nua agus na síntí ar shaoráidí atá ann cheana féin idir an dá linn agus áitribh nua nó leathnaithe á n-oscailte nó ag tógáil beagnach críochnaithe agus tuilleadh tograí ar na bacáin. De réir mar a thagann méadú ar dhéimeagrafach na cathrach le méadú ar chomhchéim ar fhás eacnamaíoch, is dócha go mbeidh éileamh níos mó ar chóiríocht chun tacú le

7.76 Tacaíonn Comhairle Cathrach Chorcaí i

bprionsabal le feabhsú agus le leathnú na n- áiseanna cuairteoirí atá ann cheana féin agus le forbairt áiseanna agus gníomhaíochtaí nua, go háirithe iad siúd a uasmhéadaíonn deiseanna a bhaineann le hoidhreacht shaibhir nádúrtha, thógtha agus chultúrtha ar gCathair agus a bhfuil súil acu cineál nua tarraingteachta a thabhairt isteach, rud a cabhróidh le raon na nithe is díol spéise do chuairteoirí sa Chathair a éagsúlú. Go háirithe, tacóidh an Chomhairle Cathrach le

239

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by