Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

Miondíol

7.80 Chomh maith le seomraí óstáin, tá cineálacha lóistín foirmiúla eile do chuairteoirí riachtanach chun soláthar a dhéanamh rogha áiseanna chun freastal ar riachtanais éagsúla cuairteoirí. Áirítear leis seo deiseann a fhiosrú chun áiseanna

Réamhrá

páirceála do veain champála fanachta gearrthéarmacha a sholáthar le seirbhísí gaolmhara.

7.82 Tá sé mar aidhm ag an gcuid seo beogacht agus inmharthanacht na bpríomhionad miondíola i gCathair Chorcaí a chur chun cinn agus a bhfeidhm mar ionad úsáide measctha a spreagadh amach anseo. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí fós tiomanta Comhstaidéar agus Straitéis Miondíola do Cheantar Cathrach Chorcaí a ullmhú le Comhairle Chontae Chorcaí, ag tabhairt aird ar na Treoirlínte Pleanála Miondíola d’Údaráis Phleanála (2012). D’fhéadfadh go mbeadh ga le haon torthaí polasaí den phróiseas seo a chur san áireamh mar athrú ar an bplean.

7.81 I dtromlach na gcásanna, ba cheart lóistín óstáin a sholáthar laistigh de Lár na Cathracha agus Lár na mBailte Uirbeacha ina bhfuil acmhainn iompair phoiblí agus seirbhísí gaolmhara do chuairteoirí is forleithne. I ngach cás, ba chóir go mbeadh tograí forbartha nó tiontaithe chun lóistín cuairteoirí a sholáthar suite gar do chonairí iompair phoiblí atá ann cheana féin nó atá beartaithe le béim níos mó ar roghanna iompair inbhuanaithe agus seachnaítear drochthionchar suntasach ar áiseanna cónaithe áit a bhfuil áiseanna suite in aice le nó gar d’fhorbairt chónaithe.

241

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by