Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht
7.84 Chruthaigh paindéim Covid-19 dúshláin maidir le daoine a mhealladh chuid ionaid nuair a dhúnadh miondíol neamhriachtanach agus nuair a thosaigh níos mó daoine ag cianobair le linn tréimhsí srianta níos airde ar ghluaiseacht. Níl sé soiléir faoi láthair cén tionchar fadtéarmach a bheidh ag an bpaindéim ar phatrúin siopadóireachta na hÉireann, ach tá folúntais ag méadú i gcónaí ar na príomhshráideanna agus in ionaid siopadóireachta ar fud na tíre le míonna beaga anuas. Cuireadh isteach go mór ar lár na cathrach móra mar gheall ar easpa mac léinn, oibrithe oifige agus turasóirí. Mar sin féin, in ainneoin na dtreochtaí seo agus éiginnteacht dhomhanda leanúnach, d’fhán geilleagar na hÉireann agus an earnáil mhiondíola láidir agus iomaíoch roimh an bpaindéim agus is dócha go dtiocfaidh siad ar ais tar éis an phaindéimeach. Táthar ag súil go mbeidh infheistíocht in eispéiris an tomhaltóra ríthábhachtach chun athléimneacht a bhaint amach sa mhiondíol ag dul ar aghaidh, le tacaíocht bheartais ag imirt ról tábhachtach chun cabhrú le lár na cathrach agus na mbailte a
Treochtaí Miondíola
7.83 Tá athruithe suntasacha tagtha ar an margadh miondíola le blianta beaga anus, le treochtaí lena n- áirítear méadú seasta ar shiopadóireacht ar líne le feiceáil le deich mbliana anuas. Tá fócas nua ar ‘taithí’ mar chuid de tharr aingt lár na cathrach agus na mbailte, le bogadh ar shiúl ó mhiondíol comparáide den chuid is mó (le haghaidh sainmhínithe féach ar: Gluais Téarmaí) go dtí béim níos mó ar fóillíocht, cultúr, bia agus deoch.
.
chosaint don todhchaí i gcoinne na héiginnteachta a leanann go fóill.
7.85 Aithníonn Comhairle Cathrach Chorcaí an dúshlán a bhaineann le freastal ar an éileamh ar ionaid ilúsáide agus beatha nua a thabhairt isteach inár gcathracha agus bailte, trí thacú le miondíol, agus soláthar a dhéanamh do raon úsáidí eile lena n- áirítear cónaithe, fóillíocht agus áineasa, fostaíochta, turasóireachta, cathartha, pobail, cultúrtha, sláinte agus oideachais. Caithfidh an tionscal miondíola a bheith in ann oiriúnú do chúinsí athraitheacha chun geilleagar iar- phaindéimeach láidir a choinneáil.
Ordlathas Miondíola
7.86 Sainmhíníonn an t-ordlathas miondíola ról agus tábhacht na n-ionad miondíola agus cruthaíonn sé an bonn chun candam agus suíomh na forbartha miondíola nua i gCeantar Uirbeach Chorcaí a chinneadh. Tá sé bunaithe ar an Ordlathas Miondíola atá leagtha amach i bPlean Straitéiseach Cheantar Cathrach Chorcaí – Cuspóir Beartais 16 MASP Chorcaí agus Straitéis
241
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook