Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Caibidil 2 I Croístraitéis

Tionscadal Éireann 2040

2.10 Soláthraíonn an PFN (2018-2027) beartas infheistíochta chun cinnteacht a thabhairt d’fhás náisiúnta amach anseo. Áiríonn sé tosaíochtaí infheistíochta do Chathair Chorcaí agus don réigiún níos leithne atá mar bhonn agus thaca ag cur i bhfeidhm an CNP, ag cumasú timpeallacht seasmhach d’fhás bunaithe ar bhonneagar. Tá sé ríthábhachtach f orbairt bunaithe ar bhonneagar a sheachadadh chun spriocanna an CNP agus na cuspóirí maidir le dlúthfhás incónaithe atá leagtha amach sa Phlean seo a bhaint amach.

2.8 Is é Tionscadal Éireann 2040 straitéis Rialtas na hÉireann chun Éire a dhéanamh ina tír níos fearr dá muintir go léir. Tá sé deartha chun go leor de SFI na NA a sheachadadh trí infheistíocht infrastruchtúir phoiblí a ailíniú le patrúin fáis spásúlachta níos inbhuanaithe. Comhcheanglaíonn an Plean Forbartha Náisiúnta (PFN) agus an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) le Tionscadal Éireann 2040 a chruthú. Leagann an CNP amach an straitéis spáis le haghaidh fáis agus forbartha agus tá an plean infheistíochta poiblí atá leagtha amach sa PFN mar bhonn agus mar thaca aige. 2.9 Is treoirphlean reachtúil é an CNP a phleanann do mhéadú réamh-mheasta 1 milliún ar ár ndaonra náisiúnta, 550,000 teach sa bhreis agus 660,000 post breise faoi 2040. Tá seachadadh dlúthfhás lárnach don CNP, atá deartha le cur ar chumas daoine maireachtáil níos gaire don áit a n-oibríonn siad, an toradh is mó a fháil ar infheistíocht phoiblí agus aistriú a threorú ó phatrúin fáis spásúlachta neamh-inbhuanaithe reatha. Soláthraíonn an CNP agus an Treochlár CNP a théann leis an creat reachtúil do na Straitéisí Réigiúnacha Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE) agus do gach Plean Forbartha Cathrach agus Contae.

2.11 Aithníonn an Plean Forbartha seo na róil

uileghabhálacha tábhachtacha a imríonn SFI na NA, an CNP agus an PFN maidir le pleanáil agus bainistíocht úsáid talún i gCathair Chorcaí a mhúnlú. Ceanglaíonn 9 gcuspóir straitéiseacha an Phlean go díreach le 17 SFI na NA agus na 10 dTorthaí Straitéiseacha Náisiúnta (TSN) sa CNP.

28 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 | Imleabhar 1

Powered by