Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

Cnuasaigh Eacnamaíochta agus Conair Nuálaíochta Nuálaíocht straitéiseach agus iomaíochas a éascú trí: Thacú le feiceálacht agus le leathnú na cnuasaigh eacnamaíochta atá ann cheann féin; Dheiseanna a spreagadh agus a chur chun cinn chun forbairt cnuasaigh nua a éascú agus deiseanna seachthairbhí a chruthú lasmuigh de na cnuasaigh; Tá conair nuálaíochta ag teacht chun cinn ar fud na cathrach, ó Pháirc Eolaíochta agus Nuálaíochta Chorcaí go MTU, UCC, CUH, Campas an Mheal Thuaidh, Lár na Cathrach, Scoil Ghnó Ollscoil Chorcaí (CUBS), Ceantar na nDugaí agus Machain. Tá moltaí á gcur chun cinn chun iad seo a nascadh le hIarnród Éadrom Idirthurais san fhadtéarma. Déanfaidh an Chomhairle Cathrach an t-éiceachóras nuálaíochta a chomhdhlúthú, chun chinntiú go mbraitheann tionchair na nuálaíochta ar fud na cathrach; Tacú le hinfheistíocht i sócmhainní cumasúcháin nuálaíochta náisiúnta straitéiseacha laistigh de na cathrach, go sonrach leathnú Institiúid Náisiúnta Tyndall go dtí an Meal Thuaidh agus forbairt Scoil Ghnó nua Ollscoile Chorcaí i Lár na Cathrach.

Pleananna agus Tionscnaimh Eacnamaíochta Straitéiseacha Éascú a dhéanamh ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe Chathair Chorcaí, réigiún an deiscirt agus na tíre trí: Thacú le cur i bhfeidhm an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta Náisiúnta atá le teacht; Thacú le seachadadh pleananna agus tionscnaimh straitéiseacha GFT Éireann, Fiontraíocht Éireann, Tionól Réigiúnach an Deiscirt, Fóram Scileanna Réigiúnach an Iardheiscirt, Plean Fiontraíochta an Iardheiscirt agus Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Chorcaí; Thacú le cur i bhfeidhm ‘Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Chathair ChorcaÍ 2016-2021 – Pure Cork agus ullmhú agus cur i bhfeidhm an Phlean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil (LECP) atá á athbhreithniú faoi láthair.

Ag Tacú le Fás Eacnamaíoch agus le hÉagsúlacht Leanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí ag tacú le fás eacnamaíoch ag gach leibhéal agus le héagsúlú an gheilleagair áitiúil. Áirítear leis seo oibriú go dlúth le GFT Éireann, Fiontraíocht Éireann, UCC, MTU agus leasanna gnó chun Corcaigh a dhéanamh mar chaipiteal infheistíochta domhanda inar féidir le gnólachtaí

Moil Fiontraíochta Pobail Comharsanachta Spreagfaidh agus tacóidh Comhairle Cathrach Chorcaí le soláthar Mol Fiontraíocht Pobail ag Ionaid Chomharsanachta.

bláthú agus leathnú mar chuid de líonra fostaíochta sofhreagrúil agus éagsúil.

249

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by