Caibidil 2 I Croístraitéis
Fíor 2.4: Cuspóirí Straitéiseacha do Chathair Chorcaí 2022-2028.
Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíoch do Réigiún an Deiscirt (SRSE) agus Plean Straitéiseach Mórcheantar Uirbeach Chorcaí (PSMU)
2.12 Is creat réigiúnach é an Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíoch do Réigiún an Deiscirt (SRSE) a thacaíonn le clár athraithe Thionscadal Éireann 2040. Mar phlean réigiúnach cinntíonn sé comhordú idir an CNP, an PFN agus Plean Forbartha Chathair Chorcaí. Is iad téamaí lárnacha an SRSE ná comhfhorbairt áite, gníomhaíocht ar son na haeráide agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe.
2.13 Tá an SRSE bunaithe ar céimlathas lonnaíochta réigiúnach. Tá an Plean Straitéiseach Mórcheantar Uirbeach Chorcaí (PSMU) sa straitéis a sholáthraíonn treoir d’infheistíocht agus d’fhorbairt inbhuanaithe ar fud Mórcheantar Uirbeach Chorcaí suas go dtí 2031. Treisíonn an PSMU ról Chathair Chorcaí mar lárionad scála idirnáisiúnta chun cur le Baile Átha Cliath, ag díriú ar 50-60% fás daonra faoi 2040.
28 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook