Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht
Measúnachtaí Tionchair Miondíola
Trádstóráil Mhiondíola
Cáilíocht spás urláir trádstórais mhiondíola/earraí toirtiúla a fheabhsú, de réir an ordlathais mhiondíola agus na straitéise lonnaíochta. Ba chóir go mbeadh tograí le haghaidh spás urláir nua trádstórála miondíola/earraí toirtiúla suite laistigh de Láir Cheantair nó Láir Bhaile Uirbeacha móra nó tailte eile atá zónáilte le haghaidh trádstórála miondíola. Go ginearálta, cuirfear i gcoinne páirceanna miondíola nua imeall baile a fhorbairt nó freastal ar úsáidí trádstórais miondíola laistigh d’eastáit tionsclaíochta/páirceanna gnó. Ba cheart raon na n-earraí a dhíoltar i stórais mhiondíola a theorannú do dhíol earraí toirtiúla tí. Ní sháróidh an spás urláir laistigh de stóras miondíola/aonaid earraí toirtiúla atá tiomnaithe do ‘tháirgí coimhdeacha’ 20% de spás urláir miondíola an trádstórais mhiondíola/aonad earraí toirtiúla ábhartha.
Ní mór do gach iarratas pleanála miondíola suntasach a bheith tacaithe ag Measúnú Tionchair Miondíola cuimsitheach mar atá leagtha amach sna Treoirlínte Pleanála Miondíola (2012). Cinnfidh Comhairle Cathrach an ceanglas Measúnacht Tionchair Mhiondíola a chur isteach roimh nó le linn chinneadh an iarratais.
Forbairt Miondíola Nua a Mheasúnú
Tabharfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí aird ar na Treoirlínte Pleanála Miondíola d’Údaráis Phleanála (2012) agus ar an Lámhleabhar Dearaidh Miondíola a théann leis agus iad ag cinneadh ar iarratais phleanála d’fhorbairt mhiondíola.
257
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook