Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Tugann an straitéis fáis seo suíomh uathúil do Mhórcheantar Uirbeach Cathrach Chorcaí mar: • Príomhshuíomh comhlántach do Bhaile Átha Cliath le ról láidir idirnáisiúnta; • Tiomántóir príomha fáis eacnamaíoch agus daonra sa réigiún; • Mórcheantar Uirbeach a neartaíonn beogacht Lár na Cathrach; • Mórcheantar dlúth uirbeach le nascacht réigiúnach méadaithe; agus • Réigiún Cathrach ina ndírítear fás ar phatrúin iompair inbhuanaithe a sheachadadh. 2.14 Tacaíonn an SRSE le hinfheistíocht agus pleanáil i gCathair agus i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí, lena n-áirítear: • Athghiniúint dea-chleachtais ar Dhugaí na Cathrach agus Tivoli chun dlúthfhás uirbeach a sheachadadh; • Infheistíocht i dtionscnaimh a sheachadann fás tithíochta, a mhéadaíonn meascán de thithíocht inacmhainne agus tionachta, a théann i ngleic le folúntais agus a fheabhsaíonn pobail; • Forbairt shóisialta agus pobail a neartú arna dtiomáint tríd an bPlean Pobail Eacnamaíoch Áitiúil (PPEÁ), an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) agus tionscnaimh RAPID;

• Infheistíocht i gCorcaigh mar Chathair Foghlama lena n-áirítear seachadadh breise ar bhonneagar straitéiseach oideachais agus nuálaíochta mar shócmhainní cumasúcháin laistigh den chathair; • Infheistíocht chaipitiúil sa líonra TEN-T agus

infheistíocht leanúnach i bPlean Forbartha Straitéisí Chalafort Chorcaí lena n-áirítear athlonnú an Chalafoirt go Rinn an Scidígh;

• Líonra de pháirceanna móra cathrach agus limistéir ghlasa níos lú a sheachadadh ar fud an limistéir uirbeacha agus lárchathracha; agus • Forbairt leanúnach ar Aerfort Chorcaí mar aerfort idirnáisiúnta agus nascacht dhigiteach ardcháilíochta a sholáthar laistigh den réigiún. 2.15 Tá siad seo agus aidhmeanna eile leagtha amach i líon mór Cuspóirí Beartais Réigiúnacha (CBR) a mbeidh sé mar aidhm ag an bPlean Forbartha seo iad a bhaint amach.

29 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by