Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 8 I Oidhreacht, Na hEalaíona agus Cultúr

limistéar oibriúcháin. Tá tuilleadh eolais ar Struchtúir faoi Chosaint ar fáil san fhoilseachán Treoir do Struchtúir faoi Chosaint i gCathair Chorcaí agus tá Taifead ar Dhéanmhais Chosanta in Imleabhar 3 an Phlean seo.

Oidhreacht Thógtha

8.18 Cuireann oidhreacht thógtha Chorcaí go mór le féiniúlacht na cathrach agus le saibhreas agus éagsúlacht a creatlach uirbeach. Cuidíonn patrún na sráideanna, stíleanna foirgneamh ailtireachta áitiúla, foirm foirgneamh agus spásanna, foirgnimh chathartha, sráid-dreach meánaoiseach, síneadh uirbeach Seoirseach, agus ceantair ailtireachta Victeoiriach mar aon lenár n-oidhreacht thionsclaíoch agus ár n-ailtireacht shainiúil an 20ú hAois le cruthú an ómós áite.

8.19 Déantar Struchtúir Chosanta agus

Séadchomharthaí Taifeadta a chosaint trí reachtaíocht náisiúnta. Is tríd an bpróiseas pleanála bainistíochta forbartha agus trí Phlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chomhairle Cathrach Chorcaí a dhéantar beartais a sheachadadh sa Phlean seo. 8.20 Is féidir le cothabháil atá ag teach leis an oidhreacht, oiriúnú agus athúsáid ligean don oidhreacht ailtireachta tairbhí aeistéitiúla, comhshaoil agus eacnamaíoch a thabhairt don chathair, fiú nuair nach bhfuil an úsáid bhunaidh inmharthana a thuilleadh. Is féidir caomhnú a aithint mar rogha mhaith comhshaoil toisc go gcuidíonn athúsáid foirgneamh seachas a scartáil le hinbhuanaitheacht trí fhuinneamh corpraithe foirgneamh a choinneáil agus dramhaíl scartála a laghdú. I gcásanna áirithe, tá sé níos cost- éifeachtaí freisin athchóiriú a dhéanamh ná a scartáil agus a atógáil.

8.22 Is é an éifeacht a bheidh ag sonrú Stádais um Struchtúr faoi Chosaint ná a chinntiú go ndéanfar aon athruithe nó leasuithe ar charachtar an fhoirgnimh sa chaoi is go gcoimeádtar agus go bhfeabhsaítear an sainghné speisialta atá ann faoi láthair. Mar sin, tá cead pleanála ag teastáil o hoibreacha a bheadh éifeacht ábhartha acu, i dtuairim na Comhairle Cathrach, maidir le carachtar an struchtúir. 8.23 Ní cheadófar Struchtúr faoi Chosaint a scartáil ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. 8.24 I gcás ina mbeartaítear Struchtúr faoi Chosaint a athrú nó a scartáil, go páirteach nó go hiomlán, deanfar taifead iomlán ar an struchtúr agus ar a ghnéithe suntasacha a ullmhú de réir an dea- chleachtais chaomhnaithe. 8.25 Ba cheart go gcinnteodh aon tograí le haghaidh athruithe nó síntí ar Struchtúir faoi Chosaint nach

Struchtúir faoi Chosaint

8.21 Is struchtúr é Struchtúr faoi Chosaint a mheastar go bhfuil sé ina ábhar spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúrtha, eolaíochta, sóisialta nó teicniúil. Is éard atá i dTaifead ar Dhéanmhais Chosanta (RPS) liosta de na foirgnimh atá i seilbh údarás áitiúil ina bhfuil foirgnimh a mheastar go bhfuil siad ina sainspéis ina

265

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by