Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 8 I Oidhreacht, Na hEalaíona agus Cultúr

8.31 Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí dul i dteagmháil le príomh-ghrúpaí geallsealbhóirí, lena n-áirítear ionadaithe poiblí, úinéirí foirgneamh agus an pobal chun an freagra is oiriúnaí a fhorbairt chun foirgnimh ar leith, grúpaí foirgneamh agus limistéir stairiúla a chosaint.

Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (NIAH)

8.29 Faoi Alt 53 den Acht Pleanála, féadfaidh an tAire cuí moltaí a chur don Chomhairle Cathrach Chorcaí chun ainmniú na bhfoirgneamh agus na ngairdíní atá liostaithe san Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (NIAH) mar Struchtúir faoi Chosaint. 8.30 Tabharfaidh an Chomhairle Cathrach aird ar mholtaí an Aire agus breithneoidh sí na struchtúir atá liostaithe san NIAH le haghaidh cosanta, trí Struchtúir Chosanta a ainmniú, trí ghlacadh le Limistéir Chaomhantais Ailtireachta chun grúpaí foirgneamh a chosaint, nó cibé modh eile a mheasann an Chomhairle a thabharfaidh cosaint is éifeachtaí oidhreacht ailtireachta na Cathrach.

Limistéir Chaomhantais Ailtireachta

8.32 Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le carachtar speisialta na limistéar a chaomhnú agus a fheabhsú faoin ainmniúchán Limistéir Chaomhantais Ailtireachta faoi Alt 81 den Acht um Pleanáil agus Forbairt. Is féidir limistéir uirbeacha stairiúla agus tírdhreacha a ainmniú freisin le haghaidh cosanta mar Limistéir Chaomhantais Ailtireachta. Tá cur síos ar shainghné speisialta na gceantar sin sa ‘ráiteas carachtair’ ábhartha in Imleabhar 3 den Phlean seo. Teastóidh cead pleanála le haghaidh athruithe a théann i bhfeidhm

268

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by