Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Cuspóirí Straitéiseacha le haghaidh Fáis

2.16 Leagann an Plean seo amach naoi gCuspóir

Beidh cruth fhorbairt na Cathrach sa todhchaí mar thoradh ar chomhiarrachtaí na Comhairle Cathrach Chorcaí, cónaitheoirí, geallsealbhóirí, forbróirí, Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí forbartha Stáit agus áitiúla, mar aon le raon páirtithe leasmhara eile sa chathair. Tá achoimre thíos ar 9 CS ón bplean, agus tá téacs iomlán ar gach CS ar leith san áireamh ina gcaibidil ábhartha laistigh den Phlean seo.

Straitéiseacha (CS) chun forbairt Chathair Chorcaí sa todhchaí a threorú. Díríonn an Chroí-Straitéis ar CS an Fháis Dlúth Inchónaithe. Tá caibidil ar leith ag gach ceann de na CS eile a leagann amach sainchuspóirí agus gníomhaíochtaí forbartha. De bharr a nádúir, ní ar

Chomhairle Cathrach Chorcaí amháin atá an fhreagracht as na naoi CS a chur i bhfeidhm.

CS 1: Dlúthfhás Inchónaithe Fás dlúth a sheachadadh a bhainfidh amach cathair scála inbhuanaithe 15 nóiméad a sholáthraíonn pobail chomhtháite agus comharsanachtaí insiúlta, athghiniúint na ndugaí agus na láithreáin athfhorbraíochta, forbairt inlíonta agus fairsingithe straitéiseacha úrnua in aice leis an gcathair atá ann cheana féin. CS 2: Tithe agus Pobail a Sheachadadh Dlúis a chruthú a chruthaíonn pobail chomhtháite inchónaithe trí úsáid a bhaint as meascán de chineálacha tí, tionachtaí agus méideanna atá nasctha le hiompar gníomhach agus poiblí. Áiseanna, seirbhísí agus úsáidí pobail agus cultúrtha a sholáthar chun comharsanachtaí ionchuimsitheacha, éagsúla agus saibhir ó thaobh cultúir a chumasú.

CS 3: Iompar agus Soghluaisteacht Úsáid talún agus pleanáil iompair a chomhtháthú chun taisteal gníomhach (siúl agus rothaíocht) agus úsáid iompair phoiblí a mhéadú. Na príomhthionscadail iompair a chumasú i Straitéis Iompair Mórcheantar Chorcaí (SIMC) a sheachadann úsáid ilmhódach agus soghluaisteacht chliste, inrochtana do chách.

CS 4: Aeráid agus Comhshaol Aistriú chuig todhchaí ísealcharbóin, athléimneach ó thaobh aeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Bearta imirce agus oiriúnaithe aeráide a chur i bhfeidhm a laghdaíonn ár lorg carbóin lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh inbhuanaithe, iompar inbhuanaithe, geilleagar ciorclach, tógáil ghlas agus maolú agus oiriúnú riosca tuilte. CS 5: Bonneagar Glas & Gorm, Spás Oscailte agus Bithéagsúlacht Bonneagar glas agus gorm a bhainistiú agus a fheabhsú, chun bithéagsúlacht, éiceolaíocht agus nascacht ghnáthóg a chosaint agus a chur chun cinn, limistéir nádúrtha a chosaint, carachtar tírdhreacha agus oidhreacht mhuirí a fheabhsú, agus rochtain ar spásanna glasa agus gorma a sholáthraíonn áineas, taitneamhacht agus limistéir nádúrtha a bhainistiú. CS 6: Geilleagar agus Fostaíocht A bheith i do thiomántóir eacnamaíoch náisiúnta agus réigiúnach a sheachadann fás eacnamaíoch láidir, athléimneach, éagsúil agus nuálaíoch. Fócas ar fhostaíocht nua i réimsí straitéiseacha ar fud na cathrach. Feabhas a chur ar ról Chorcaí mar chathair foghlama, ag úsáid eolais agus tallainne mar phríomhchumasóir d’fhás cathrach agus eacnamaíoch.

30 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by