Caibidil 8 I Oidhreacht, Na hEalaíona agus Cultúr
Tionchar a Uasmhéadú – Leagann an Treoir do Rialtais Áitiúil, Pobail agus Músaem, ag an gComhairle Idirnáisiúnta Músaem agus an OECD, béim ar na féidearthachtaí atá ag músaeim chun gníomhú mar ghníomhairí d’athrú sóisialta agus eacnamaíoch de réir mar a ghineann siad eolas don tsochaí agus faoin tsochaí, is áit iad le haghaidh idirghníomhú sóisialta agus idirphlé, agus foinse cruthaitheachta agus nuálaíochta don gheilleagar áitiúil. Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le rannpháirtíocht an lucht féachana leis an músaem a mhéadú, go háirithe laistigh den phobal áitiúil, as a dtiocfaidh feabhas ar inrochtaineacht ar bhailiúcháin, a bheith ina lárionad réigiúnach oideachais agus foghlama agus for-rochtain sóisialta a fheabhsú.
Músaem Poiblí Chorcaí
8.42 Is é Músaem Poiblí Chorcaí an músaem údaráis áitiúil is sine sa tír, ag freastal ar mhuintir Chorcaí agus níos faide i gcéin le breis agus 75 bliain. Is féidir le músaeim a bheith ina spásanna a chothaíonn idirghníomhú agus comhtháthú sóisialta níos fearr, a spreagann comhphlé idirchultúrtha agus idirghlúine a chothaíonn caipiteal sóisialta agus, dá réir sin, a théann chun sochair don phobal ar fad. Tuarascáil 2018, Cultúr agus Forbairt Áitiúil:
273
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook