Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Chapter 8 I Heritage, Arts and Culture

Cuspóirí Forbartha Oidhreachta, Ealaíona & Cultúir

Cuspóir Straitéiseach 7 Oidhreacht, na hEalaíona & Cultúr

Carachtar uathúil agus fabraic thógtha na cathrach, na mbailte, na sráidbhailte, na bruachbhailte, na gcomharsanachtaí agus na n-áiteanna atá i gcreatlach Chathair Chorcaí a chosaint agus a threisiú, idir an carachtar a dhíorthaítear ón timpeallacht nádúrtha agus an carachtar de saorga a chruthaigh an fhoirm thógtha. Bainfear é seo amach trí Struchtúir faoi Chosaint, séadchomharthaí seandálaíochta, agus oidhreacht seandálaíochta a chosaint agus Limistéir Chaomhantais Ailtireachta, agus deiseann á gcur ar fail ag an am céanna d’fhorbairt nua a thugann meas ar oidhreacht thógtha shaibhir stairiúil na cathrach. Oidhreacht agus léiriú cultúrtha uathúil Chorcaí a aithint, a chosaint, a fheabhsú agus a chur chun cinn ar bhealach barántúil agus fiúntach. Na healaíona agus an cultúr i gCathair Chorcaí a chothú agus tacú leo trí áiseanna nua agus feabhsuithe a spreagadh agus trína chinntiú go ndéantar bonneagar ealaíon agus cultúir a chomhtháthú le forbairtí mórscála ar príomhláithreán.

Tacú le forbairt earnáil bhríomhar chultúrtha agus chruthaitheach sa chathair mar phríomhcumasóir nuálaíochta, cruthú áite agus forbairt pobail ar fud na cathrach.

Tacú le ról Chathair Chorcaí mar cheann scríbe suntasach turasóireachta intíre agus idirnáisiúnta agus tacú le húsáid inbhuanaithe agus forbairt shócmhainní turasóireachta na cathrach. A chinntiú go ndéantar gnéithe oidhreachta a bhfuil tábhacht seandálaíochta, ailtireachta agus cultúrtha leo a shainaithint, a choinneáil agus a léirmhíniú nuair is féidir agus go gcuirtear an t-eolas san fhearann poiblí. Caithfidh aird a bheith ag tograí forbartha nua ar oidhreacht thógtha stairiúil na cathrach, go háirithe Struchtúir faoi Chosaint, séadchomharthaí seandálaíochta agus oidhreacht seandálaíochta agus Limistéir Chaomhantais Ailtireachta, agus de ghnáth ní ghlacfar le haon fhorbairt a mbíonn tionchar díobhálach aige ar na sócmhainní seo.

271

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by