Caibidil 8 I Oidhreacht, Na hEalaíona agus Cultúr
Cosaint Croíláir Stairiúil na Meánaoise
Cosaint Balla Cathrach agus Cosaintí Meánaoise Chorcaí Cinnteoidh Comhairle Cathrach Chorcaí caomhnú in situ ar Bhalla na Cathrach Meánaoise agus ar Chosaintí agus tabharfaidh sí aird ar chaomhnú agus ar fheabhsú líne Bhalla na Cathrach nuair a bheidh tograí forbartha a bhreithniú ina chomharsanacht. Ní cheadófar cur isteach, baint agus athrú ar líne Bhalla na Cathrach. Beidh zón maolánach cuí idir Balla na Cathrach agus an fhorbairt ag teastáil freisin. Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le feasacht an phobail a fheabhsú agus le heolas agus le tuiscint ar bhallaí meánaoiseacha na cathrach a mhéadú.
I gcás go moltar forbairt laistigh de chroílár stairiúil na meánaoise cuirfear chun cinn beartas chun an tionchar ar an acmhainn seandálaíochta a íoslaghdú. Déanfar measúnú ar aon fhorbairt bheartaithe ar leibhéal agus ar mhéid na seandálaíochta gan cur isteach ar an láithreán. Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le pátrún sráide meánaoiseach Chorcaí a chosaint, agus go háirithe, déanfaidh sí iarracht na lánaí laistigh de shuíomh an t- sráid-dhreacha a chaomhnú agus a fheabhsú. Féachfaidh tograí forbartha le línte foirgnimh stairiúla agus leithid ceapacha traidisiúnta a choinneáil nuair a thagann siad ó bhunús meánaoiseach. Ba cheart meas a léiriú ar shláine fhisiciúil an chroíláir mheánaoisigh trí mhéideanna ceapacha a choinneáil ar féidir iad a bhaint amach trí athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana féin.
Cosaint Ionaid Adhlactha Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí ionaid adhlactha agus a suíomhanna a chaomhnú agus a fheabhsú. Beidh teorainn le forbairt sna ceantair seo agus in aice leo. I gcás go bhfuil iar-ionaid adhlactha in úsáid mar spásanna áise, beidh gá lena gcoinneáil le haghaidh úsáid éighníomhach áineasa.
273
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook