Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 8 I Oidhreacht, Na hEalaíona agus Cultúr

f. Oidhreacht thógtha a chosaint agus a fheabhsú trí fhorbairt le haghaidh úsáidí cultúrtha nuair is gá, cuí agus indéanta; g. Leanúint le cur chun cinn agus spreagadh a thabhairt do sholáthar ealaíne poiblí ar mhórscála forbairtí, i bpáirceanna poiblí agus spásanna poiblí eile; h. A chinntiú go dtugtar tacaíocht do gach tionscadal tógála a dhéanann Comhairle Cathrach Chorcaí agus a fhaigheann tacaíocht ó mhaoiniú an Rialtais breithnithe don Scéim ‘Céatadán don Ealaín’ ; i. A chinntiú go ndéantar spásanna agus imeachtaí ealaíonta agus cruthaitheacha a dháileadh go maith ar fud na gceantar

Straitéis

Chorcaigh

Chruthaitheach Chun rannpháirtíocht chruthaitheach a thabhairt do shaoránaigh chun féiniúlacht chultúrtha Chorcaí a mhúnlú trí Straitéis Chorcaí Cruthaitheach 2018 - 2022 a chur i bhfeidhm, beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí: Invest in long term engagement in creative collaboration; Infheistiú i rannpháirtíocht fhadtéarmach i gcomhoibriú cruthaitheach; Glacadh lenár saoránaigh go cruthaitheach san oidhreacht seandálaíochta, tógtha, nádúrtha agus chultúrtha; Ar spás poiblí a úsáid go cruthaitheach dár bpobail trí imeacht poiblí cultúrtha mórscála amháin gach bliain; Cathair Chorcaí a aithint mar chathair idirchultúrtha; Aitheantas a thabhairt don mhéid a chuireann daoine cruthaitheacha Chorcaí le féiniúlacht Chorcaí mar chathair chultúir. Na hEalaíona agus Réimse Poiblí Chun a chinntiú go bhfuil cothú na n-ealaíon agus na seirbhísí gaolmhara mar chuid den fhorbairt phleanáilte ar Chathair Chorcaí agus a comharsanachtaí uirbeacha agus tuaithe, ag teacht le coincheap na cathrach 15 nóiméad agus chun úsáid chultúrtha spásanna san fhearann poiblí a fheabhsú, beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí: Gníomhaíocht chultúrtha a spreagadh i spásanna poiblí Chorcaí lena n-áirítear úsáid níos mó a bhaint as áitribh fholmha agus spásanna lasmuigh; Tús áite a thabhairt do chur chuige ardchaighdeáin atá bunaithe ar dhearadh maidir le feabhsú an fhearainn phoiblí; Soláthar a dhéanamh d’úsáidí cultúrtha agus teaghlaigh agus tionscadail forbartha an fhearainn phoiblí á bpleanáil; Prionsabail na comhfhorbairt áite i dtionscadail forbartha an fhearainn phoiblí a choimhéad; An Straitéis Ealaíon do Cheantar Dugaí Chorcaí a chur i bhfeidhm mar chuid d’Fhorbairt an Cheantair Dugaí.

comharsanachta insiúlta a shainaithnítear i gCaibidil 2.

Caomhnú Oidhreacht Thógtha na Cathrach

Féachaint le caomhnú oidhreacht thógtha Chathair Chorcaí a chinntiú. A chinntiú go gcuireann Oidhreach Thógtha Chorcaí go hiomlán le saol sóisialta agus eacnamaíoch na cathrach agus gníomhaíochtaí a shaothrú a chinnteoidh go mbainfidh oidhreacht thógtha Chorcaí leas as dea-chaomhnóireacht agus áitíocht tógála.

276

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by