Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

CS 7: Oidhreacht, Ealaíona agus Cultúir Carachtar uathúil agus fabraic thógtha na cathrach, a comharsanachtaí, a bailte uirbeacha agus a lonnaíochtaí a chosaint agus a fheabhsú trí aire a thabhairt do Struchtúir Chosanta, séadchomharthaí agus oidhreacht seandálaíochta, Limistéir Chaomhantais Ailtireachta agus oidhreacht doláimhsithe. Oidhreacht agus léiriú cultúrtha uathúil Chorcaí a aithint, a chosaint, a fheabhsú agus a mhéadú ar bhealach barántúil bríoch. Cinntiú go ndéantar oidhreacht, cultúr agus ealaíon Chorcaí a cheiliúradh agus a fhorbairt chun áit tharraingteach, bhríomhar agus ionchuimsitheach a chruthú le maireachtáil, le hoibriú ann, le staidéar agus le cuairt a thabhairt air. CS 8: Bonneagar Comhshaoil Úsáid éifeachtach agus inbhuanaithe seirbhísí uisce a chinntiú, cáilíocht uisce agus bainistíocht acmhainní a fheabhsú. Giniúint agus cóireáil dramhaíola a bhainistiú agus tacú le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh. Cáilíocht an aeir a fheabhsú agus bainistíocht réamhghníomhach torainn a chur chun cinn. Seachadadh inbhuanaithe bonneagair dhigitigh, fuinnimh in-athnuaite agus feabhsuithe comhshaoil a chumasú. CS 9: Comhfhorbairt Áite agus Bainistiú Forbartha Cathair dhlúth inchónaithe a fhorbairt bunaithe ar spásanna agus áiteanna uirbeacha tarraingteacha, éagsúla agus inrochtana. Fócas ar chomharsanachtaí insiúlte a fheabhsú a chuireann maireachtáil shláintiúil, folláine agus stíleanna maireachtála gníomhacha chun cinn, áit a bhfuil comhfhorbairt áite ag an gcroílár. Cur chuige bunaithe ar dhearadh a leanúint le hailtireacht nuálaíoch, tírdhreach agus dearadh uirbeach a thugann meas ar charachtar na cathrach agus na comharsanachta.

Tábla 2.1: Cuspóirí Straitéiseacha do Chathair Chorcaí 2022-2028.

agus spriocanna nua móra fáis a leagan amach a léiríonn ról lárnach na cathrach chun próifíl uirbeach na hÉireann a fheabhsú. Chun an ról seo a chomhlíonadh go héifeachtach, éilíonn an CNP go mbeadh fís uaillmhianach ag an gcathair a uasmhéadaíonn a hacmhainneacht mar chathair fáis atá iomaíoch go hidirnáisiúnta agus atá inbhuanaithe i gcomhthéacs dea-chleachtais Eorpach.

Cathair Chorcaí 2040

2.17 Teastaíonn pleanáil fhadtéarmach do na spriocanna fáis uaillmhianacha atá leagtha amach do Chathair Chorcaí i dTionscadal Éireann 2040. Áirítear leis seo bainistiú gníomhach talún, infheistíocht fhadtéarmach, gníomhaíocht aeráide, forbairt bunaithe ar bhonneagar, forbairt pobail chomhtháite agus oidhreacht, cultúr agus ealaíona feabhsaithe. Chun iad seo a sheachadadh beidh

gá le comhordú marthanach idir go leor páirtithe leasmhara cathrach, réigiúnacha agus stáit.

Spriocanna Fáis an Chreata Náisiúnta Pleanála

2.18 Mar gheall ar shíneadh theorainn riaracháin Chomhairle Cathrach Chorcaí i mBealtaine 2019, méadaíodh an chathair faoi chúig oiread an méid a bhí ann roimhe sin, ag méadú a daonra go 210,853 duine. Sainmhínítear Corcaigh anois mar Chathair Chalafoirt Eorpach meánmhéide, atá inchomparáide le Malma, Bilboa, Aarhus agus Bremerhaven i dtéarmaí scála agus feidhme. Aithníonn an CNP an stádas seo,

31 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by