Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 9 I Bonneagar Comhshaoil

Réamhrá

Uisce & Fuíolluisce

9.1 Braitheann fás inbhuanaithe agus bainistiú fhorbairt na Cathrach ar bhonneagar ardchaighdeáin a sholáthar, agus an comhshaol a chosaint ó thruailliú ag an am céanna. Tá ceisteanna mar sholáthar dóthanach uisce glan, dea-cháilíocht aeir agus bainistíocht dramhaíola inbhuanaithe thar a bheith tábhachtach do chónaitheoirí na Cathrach agus tá ról lárnach acu maidir le dul i ngleic le dúshláin an athraithe aeráide. Tá cur chuige straitéiseach ag teastáil chun pleanáil a dhéanamh d’fhorbairt ordúil na cathrach sa todhchaí agus tá sé seo leagtha amach i gcuid na Croí-Straitéise den Phlean seo. Tacóidh an plean seo le soláthar bonneagair ar bhealach a chosnaíonn sláinte an phobail, atá oiriúnach don chomhshaol agus a thabharfaidh aghaidh ar dhúshláin an athraithe aeráide.

9.2 Tá sé ríthábhachtach do shláinte mhuintir na Cathrach go bhfuil soláthar glan neart uisce óil ar fáil. Tá cóireáil fuíolluisce sásúil freisin chun dobharlaigh a chosaint agus sláinte an phobail. Tá Uisce Glan agus Sláintíocht ar cheann de na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) den Ár nDomhan a Claochlú na NA: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe 1 . Ó 2014 i leith tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí poiblí uisce agus fuíolluisce a hoibriú go náisiúnta. Áirítear leis seo pleanáil straitéiseach, forbairt polasaí, soláthar seirbhíse do chustaiméirí agus infheistíocht chaipitiúil agus seachadadh seirbhísí uisce.

282 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by