Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 9 I Bonneagar Comhshaoil

Chuilinn agus Seanchoill as a n-imíonn sé tríd an líonra dáileacháin chuig úsáideoirí éagsúla ar fud na cathrach. Léiríonn tuairiscí cáilíochta uisce le blianta beaga anuas, in ainneoin an bhonneagair atá ag dul in aois, go bhfuil caighdeán an uisce a tháirgtear ar chaighdeán an-ard go ginearálta. Cuireadh tús le huasghrádú mór ar an suíomh go déanach in 2019 agus tá sé beartaithe é a bheith críochnaithe in 2022. • Críochnaíodh le déanaí oibreacha suímh do Sheanbhóthar an Teampaill Bháin, atá beartaithe le héascaíocht a dhéanamh ar thart ar 600 teach nua ar bhanc talún mór faoi úinéireacht na Comhairle. Áirítear leis seo soláthar uisce, uisce truaillithe agus seirbhísí draenála uisce dromchla. • Freastalaíonn Ionad Cóireála Fuíolluisce Charraig Ghrianáin ar bhruachbhailte na cathrach, ar an Oileán Beag, ar Ghleann Maghair agus ar an nGleanntán. Tá uasghrádaithe ar an bpróiseas cóireála molta chun comhlíonadh a Cheadúnais Dramhaíola a cheadú agus chun freastal ar fhás daonra sa todhchaí. Tá ionaid chóireála ar leith ag freastal ar bhailte uirbeacha Bhaile an Chollaigh agus na Blarnan/Theamhrach, chomh maith le roinnt ionaid cóireála níos lú a fhreastalaíonn ar lonnaíochtaí i gcúlchríoch na cathrach. • Tá Pleananna Limistéir Draenála (DAPanna) á n-ullmhú ag Uisce Éireann do ghréasán fuíolluisce Chathair Chorcaí (lena n-áirítear an líonra i nGleann Maghair, i nGleanntán agus san Oilean Beag, a dhraenálann go léir chuig ionad cóireála fuíolluisce Charraig Ghrianáin), agus líonra fuíolluisce Bhaile an Chollaigh. • Cuireann Clár Fáis na mBailte Beaga agus na Sráidbhailte (STVGP) maoiniú ar fáil d’acmhainneacht fáis Ionad Cóireála Uisce agus Fuíolluisce i lonnaíochtaí níos lú nach

Pleananna agus Tionscadail

9.5 Áirítear anseo a leanas sonraí ginearálta ar phleananna agus ar thionscadail uisce agus fuíolluisce atá beartaithe do Chathair Chorcaí sna blianta atá le teacht: • Áirítear i Zón Acmhainní Uisce Chathair Chorcaí (WRZ) Córas Soláthair Uisce Chathair Chorcaí (WSS), WSS Chuan agus Chathair Chorcaí agus WSS na Glaise Buí. Córas Soláthair Uisce Chuan agus Chathair Chorcaí (Ionad cóireála uisce Inis Cara) a sholáthraíonn cuid de bhruachbhailte oirthear, thiar agus theas Chathair Chorcaí lena n-áirítear bailte Bhaile an Chollaigh, na Blarnan, agus an Teamhair, agus feidhmíonn Córas Soláthair Uisce na Glaise Buí ar Gleann Maghair. Is iad na hidirghabhálacha eatramhacha agus fadtéarmacha roghnaithe a bheidh riachtanach chun soláthar uisce inbhuanaithe a chinntiú i gCathair Chorcaí aitheanta trí phróiseas an Phlean Náisiúnta um Acmhainní Uisce (féach thuas). • Mar chuid de Thionscadal Líonraí Uisce Chathair Chorcaí: Coimisiúnaíodh Céim 1 de phríomhthionscadal uisce Nasc Straitéiseach an Oirthir (ESL) chun nascacht a chumasú ar fud líonraí uisce Chathair agus Chontae Chorcaí ag soláthar cinnteacht an tsoláthair uisce don Oileán Láir. Tá Céim 2 beartaithe chun an nasc a chríochnú ó oirthear na cathrach trí Lár na Cathrach agus ar aghaidh go Seanchoill. Tá Príomhlíonra Thiar 5km a nascann Príomhlíonra Chuan Chontae Chorcaí agus Príomhlíonra Cathrach beartaithe in aice le Cuarbhóthar Theas an N40 trasna go dtí Ionad Cóireála Uisce Bhóthar na Laoi a chinnteoidh leanúnachas an tsoláthair don Chathair. Cinnteoidh críochnú an idirnascaire le déanaí ó Thaiscumar an Ghlaise Buí go Lár na Cathrach go mbeidh soláthar dóthanach ann chun freastal ar Cheantar na nDugaí. • Tháirg Ionad Cóireála Uisce Bhóthar na Laoi a fhreastalaíonn ar WSS na Cathrach 41.6 milliún

ndéantar foráil dó ar shlí eile sa Phlean Infheistíochta Caipitil 2020 go 2024. D’fhógair Uisce Éireann (IW) maoiniú le déanaí le haghaidh uasghrádú WWTP na gCillíní mar chuid den STVGP.

lítear uisce óil ar an meán in aghaidh an lae in 2019. Déantar uisce cóireáilte a phumpáil chuig na taiscumair ag Páirc na hEaglaise, Cnoc an

284 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by