Caibidil 9 I Bonneagar Comhshaoil
9.12 I measc na dtionscadal tuilte eile atá beartaithe nó ag dul ar aghaidh don Chathair tá: • Scéim Feabhsaithe Fearainn Phoiblí agus Cosanta Tuilte Oileán Mhuirís. • Scéim Faoisimh Tuile na Bríde (An Linn Dubh). • Scéim Faoisimh Tuile na Glaise Buí (Gleann Maghair).
Níor cheart an Tástáil Fírinnithe a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás go bhfuil forbairt laistigh de limistéir riosca tuilte a shaineofaí mar rud míchuí faoin tástáil scagtha den chur chuige seicheamhach riosca-bhunaithe. Glacfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le cur chuige réamh- chúramach, is é sin forbairt ar thuilemhánna, bogaigh agus ceantair chósta a bhfuil baol tuilte iontu a sheachaint agus mar sin caomhnófar na cosaintí nádúrtha seo a choinníonn barraíocht uisce go dtí gur féidir é a scaoileadh go mall ar ais isteach i gcórais abhann, san fharraige nó isteach sa talamh. I gcás go bhfuil riosca tuilte ina shaincheist, beidh ar iarratasóirí go ginearálta Measúnú Riosca Tuile a bhaineann go sonrach leis an suíomh a dhéanamh (seachas mion- fhorbairtí, áit nach mbeadh údar lena leithéid de chur chuige). Tugtar breac-chuntas thuas ar bheartas maidir le hionchorprú bearta mar Chórais Draenála Uirbeacha Inbhuanaithe (SUDanna) chun rith chun srutha dromchla a laghdú agus ba chóir é a ionchorprú chomh fada agus is féidir chun rioscaí a laghdú.
• Scéim Faoisimh Tuile Dhúglais. • Oibreacha Tóchair an Tóchair . Measúnú ar Fhorbairt i Limistéir i mBaol Tuilte
9.13 Tugann an Córas Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuile: Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2009) 14 , arna leasú ina dhiaidh sin faoi Chiorclán PL2/2014 15 de chuid na roinne Comhshaoil, cur síos ar an gcaoi a bhfuil sé mar aidhm ag bainistiú riosca tuilte leibhéal an riosca tuilte a íoslaghdú do dhaoine, ghnó, bhonneagar agus don chomhshaol trí rioscaí tuilte atá ann cheana féin agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a aithint agus a bhainistiú. Molann na Treoirlínte cur chuige seicheamhach maidir le pleanáil spásúlachta, ag chur chun cinn seachaint seachas fírinniú agus maolú riosca ina dhiaidh sin. Sainmhíníonn na treoirlínte an Tástáil Fírinnithe mar mheasúnú ar cibé an gcomhlíonann togra forbartha laistigh de limistéar atá i mbaol tuilte critéir shonracha maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe agus léiríonn sé nach mbeidh sé faoi réir riosca do- ghlactha ná nach méadóidh sé riosca tuilte in aon áit eile.
Athrú Cósta
9.14 Buanóidh Grúpa Stiúrtha ar an Straitéis Náisiúnta um Bainistíocht ar Athrú Cósta in 2020 chun cur chuige a scóipeáil chun straitéis náisiúnta chomhordaithe agus chomhtháite a fhorbairt chun tionchar réamh-mheasta an athraithe cósta ar ár bpobail, ár ngeilleagair, ár n-oidhreacht, ár gcultúr agus ár dtimpeallachtaí cois cósta a bhainistiú. Tacaíonn Comhairle Cathrach Chorcaí le hullmhú na straitéise agus breithneoidh sí a torthaí nuair a fhoilseofar í agus conas a d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar a limistéar feidhme. Idir an dá linn déanfar breithniú ar réimsí a d’fhéadfadh a bheith leochaileach nó i mbaol creimeadh cósta nó athrú cósta, lena n- áirítear athrú a bhaineann le hathrú aeráide.
289
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook