Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 9 I Bonneagar Comhshaoil

Bainistíocht Dramhaíola

Áireoidh an NWMPCE freisin an Treoirdhoiciméad nua Bonneagar Bainistíochta Dramhaíola – Treoir chun Saoráidí Bainistíochta Dramhaíola a Shuíomh, a n-áireofar leis an raon feidhme critéir leathana maidir le láithreánú agus treoir saoráidí ar leith lena mbreithniú agus saoráid dramhaíola a lonnú. Beidh ionchur ag an gComhairle Cathrach in ullmhú an Phlean Bainistíochta Dramhaíola nua agus formhuineoidh sí a cuspóirí agus torthaí nuair a bheidh sé tugtha chun críche. 9.17 Faoi láthair tá Cathair Chorcaí mar chuid de Réigiún Dramhaíola an Deiscirt. Is í an fhís straitéiseach atá ag Plean Bainistíochta Dramhaíola Réigiún an Deiscirt 2015-2021 19 ná athmhachnamh a dhéanamh ar ár gcur chuige maidir le dramhaíl a bhainistiú, trí amharc ar ár sruthanna dramhaíola mar acmhainní ábhartha luachmhara, as a dtiocfaidh timpeallacht níos sláintiúla agus deiseanna tráchtála inbhuanaithe dár ngeilleagar.

9.15 Tá beartas bainistithe dramhaíola bunaithe ar Ordlathas Dramhaíola an AE maidir le cosc, ullmhú le haghaidh athúsáide, athchúrsáil, aisghabháil fuinnimh agus diúscairt inbhuanaithe. Glacadh Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh um Gheilleagar Ciorclach; Eoraip Níos Glaine Níos Iomaíoch 16 in 2020, agus cuireann sé aistriú i dtreo prionsabail an gheilleagair chiorclaigh chun cinn, ag éascú úsáid ábhar ar a luach is airde chomh fada agus is féidir agus ansin iad ag deireadh a saol a athchúrsáil nó a athúsáid agus is é an toradh deiridh ná giniúint íosta dramhaíola.

An Ordlathas Dramhaíola 17

9.16 Tacaíonn Plean Gníomhaíochta Dramhaíola an rialtais le haghaidh Geilleagar Ciorclach – Beartas Náisiúnta Dramhaíola na hÉireann 2020- 2025 18 , leis an gcur chuige seo agus tá sé mar aidhm aige fócas na bainistíochta dramhaíola a aistriú ó dhiúscairt agus cóireáil dramhaíola lena chinntiú go bhfanann ábhair agus táirgí in úsáid táirgiúil ar feadh tréimhse níos faide. Tá sé seo dírithe ar dhramhaíl a chosc agus ar thacú le hathúsáid trí chreat beartais a dhí-spreagann cur amú acmhainní agus a thugann luach saothair do chiorclaíocht. Tiocfaidh an Plean Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta do Gheilleagar Ciorclach (NWMPCE) atá le teacht in ionad na bPleananna Réigiúnacha Bainistíochta Dramhaíola atá ann cheana féin.

Leagtar béim ar leith ar dhramhaíl a chosc agus a dhearadh ag an gcéad chéim d’aon ghníomhaíocht, agus ar an gcaoi sin an leibhéal is airde den ordlathas dramhaíola a bhaint amach, is é sin cosc dramhaíola. 9.18 Tá treoirlínte ar chaighdeáin deartha le haghaidh áiseanna stórála dramhaíola agus bainistíocht i bhforbairtí príobháideacha san áireamh i gCaibidil 11 Comhfhorbairt Áite agus Bainistíocht na Forbartha.

291

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by