Caibidil 9 I Bonneagar Comhshaoil
Grúpscéimeanna Uisce, Toibreacha Príobháideacha agus Córais Chóireála Aonair A éileamh go gceanglófar gach forbairt ina bhfuil príomhphíopaí uisce poiblí ar fáil nó inar dócha go mbeidh siad ar fáil agus ina bhfuil dóthain toilleadh, nasctha leo. A chinntiú go bhfuil gach forbairt nua nasctha leis an mbonneagar fuíolluisce poiblí, nuair atá sé ar fáil, agus chun spreagadh a thabhairt d’fhorbairtí atá gar do chuig séarach poiblí chun nascadh leis an séarach sin, faoi réir comhaontú nasctha le hUisce Éireann. Dí-spreagadh a thabhairt do sholáthar dabhcha séarachais tí aonair agus ionaid chóireála chun an baol truaillithe screamhuisce a íoslaghdú ag teacht le polasaí tithíochta tuaithe an Phlean seo. I gcás ina gceadaítear saoráidí den sórt sin, beidh gá le comhlíonadh iomlán na rialachán agus na gcaighdeán atá i réim, lena n- áirítear Cód Cleachtais an nGCC um Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí (Coibhéis Daonra ≤ 10) (2021). Go ginearálta, ní cheadófar forbairt cónaithe a éilíonn soláthar saoráidí cóireála fuíolluisce príobháideach (i.e. Bonneagar arna Sholáthar ag Forbróir), seachas córais tí aonair. A chinntiú go n-oibrítear saoráidí príobháideacha cóireála fuíolluisce, nuair a cheadaítear iad, de réir a gceadúnas doirte fuíolluisce, chun cáilíocht an uisce a chosaint.
Uisce Éireann
Oibriú le hUisce Éireann chun úsáid éifeachtach agus inbhuanaithe a chinntiú agus forbairt acmhainní uisce agus bonneagar seirbhísí uisce sa Chathair. Oibriú le hUisce Éireann chun seachadadh tráthúil tionscadal uisce agus fuíolluisce a aithint agus a éascú chun forbairt a éascú de réir na Croí- Straitéise. Oibriú le hUisce Éireann chun caomhnú uisce agus bearta bainistíochta éilimh a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus tacú le cur i bhfeidhm beart mar laghdú sceite agus feabhsuithe gréasáin. Tacú le hUisce Éireann i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Acmhainní Uisce agus na bPleananna um Shábháilteacht Uisce Óil. Tacú le hUisce Éireann chun bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar eisiltigh trádála chuig séaraigh chun acmhainn na ngréasán séarachais atá ann cheana a uasmhéadú agus tionchair dhíobhálacha ar oibreacha cóireála séarachais a íoslaghdú.
Fuíolluisce A éileamh go soláthróidh gach togra nua forbartha salachar agus dromchla ar leith córas draenála uisce agus Córais Draenála Uirbeacha Inbhuanaithe a ionchorprú a mhéid is indéanta. Mar chuid de thograí nua forbartha, ba cheart fianaise ar chomhairliúchán le hUisce Éireann a chur isteach mar chuid
d’iarratas pleanála, ag léiriú go bhfuil dóthain seirbhísí uisce ar fáil chun an fhorbairt a sheirbhisí agus nach mbeidh tionchar diúltach ar sheirbhísí uisce reatha.
296 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook