Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 9 I Bonneagar Comhshaoil

Soilsiú Seachtrach A éileamh go laghdófar an tionchar díobhálach a bhíonn ag truailliú solais ar thogra soilsiú seachtrach, atá tíosach ar fhuinneamh, agus nach mbíonn tionchar rómhór acu ar thaitneamhacht chónaithe nó amhairc, ar bhithéagsúlacht nó go gcuirtear isteach ar úsáideoirí bóithre dá bharr.

Straitéis Dhigiteach Tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise Digití don Chathair agus oibriú le Comhthionól Réigiúnach an Deiscirt agus páirtithe leasmhara eile chun infheistíocht a lorg i seachadadh ardluais, ard- acmhainne atá inrochtana agus feabhsaithe, bonneagair dhigiteach agus rolladh amach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Torann Tacú le cur i bhfeidhm chuspóirí Phlean Gníomhaíochta Torann Ceirtleán Chorcaí 2018 -2023 agus bainistiú réamhghníomhach torainn a chur chun cinn nuair is dócha go mbeidh drochthionchar suntasach aige ar shláinte agus ar cháilíocht na beatha.

Tairseach Chliste Chorcaí Tacú le tionscnaimh Thairseach Chliste Chorcaí chun cáilíocht na beatha níos fearr a chumasú, agus cathair níos glaise agus níos nuálaí agus cliste.

Cáilíocht an Aeir

Caighdeán an aeir i gCathair Chorcaí a chosaint agus a fheabhsú de réir fhorálacha Threoracha an AE agus na reachtaíochta náisiúnta ar thruailliú aeir agus tacú le gníomhartha Straitéis Cáilíochta Aeir 2021-2026 na Comhairle Cathrach, agus a comharbaí. Leanúint le monatóireacht a dhéanamh ar thorthaí cháilíocht an aeir a chuirtear isteach ó áiteanna roghnaithe ar fud na Cathrach i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus tacú le cruthú fardal réigiúnach um cháilíocht aeir agus astaíochtaí gás ceaptha teasa.

300 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by