Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Comharsanacht Chónaithe Inbhuanaithe

10.7 Mar atá leagtha amach i bPróifíl Achoimre Socheacnamaíoch Chathair Chorcaí (2020) tá sainiúlacht shoiléir ag baint leis an daonra a chónaíonn i Lár Chathair Chorcaí i gcomparáid leis an gcuid eile den Chathair: • De ghnáth is daoine fásta níos óige iad cónaitheoirí Lár na Cathrach agus breis agus leath díobh idir 25- 44 bliana d’aois, • Taitníonn Lár na Cathrach leis an gcatagóir ‘réamhtheaghlaigh’ den dao nra, ach tá níos lú teaghlach agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois ina gcónaí i Lár na Cathrach, • Tá Lár na Cathrach thar a bheith idirnáisiúnta, le 42% den daonra sa chatagóir ‘neamhÉireannach’, • Is iad na ceantair is dlúithe daonra i Lár na Cathrach ná an Seandún agus an Pharóiste Theas, • Bíonn níos mó daoine ag siúl, ag rothaíocht nó ag úsáid iompar poiblí chun oibre nó oideachais i Lár na Cathrach ná i gceantair eile ar fud na Cathrach .

10.8 Ceann de phríomhaidhmeanna an Phlean seo ná soláthar a dhéanamh d’athghiniúint agus comhdhlúthú Lár na Cathrach trí mhéadú a dhéanamh ar an daonra cónaithe agus feabhas a chur ar a acmhainn mar áit inmhianaithe chun cónaí ann. Mar is léir ón bpróifíl thuas, is é an láthair chónaithe is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de sa Chathair, mar sin is suíomh fóirsteanach é le haghaidh fáis sa todhchaí, suite i gcroílár líonraí taistil na Cathrach.

307

Powered by