Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Dlúthfhás Inchónaithe a Sheachadadh

Cathair 15 Nóiméad

2.25 Tá an Plean seo á ullmhú agus á sheachadadh in aimsir éigeandáil dhomhanda um athrú aeráide agus paindéim dhomhanda. D’athdhearbhaigh an comhthéac s seo an gá atá le cathair níos athléimní a chothaíonn agus a fheabhsaíonn cáilíocht na timpeallachta nádúrtha agus tógtha ar mhaithe leis na glúine reatha agus na glúine atá le teacht. Is freagairt pleanála uirbí í an Chathair 15 Nóiméad ar SFI na NA agus ar an éigeandáil um Athrú Aeráide. Soláthraíonn sé creat tráthúil a chomhcheanglaíonn cóngaracht agus fabraic shóisialta chun athrú dearfach a bhaint amach inár stíl mhaireachtála uirbeach agus rithim nua inár gCathair. Díríonn an rithim nua seo ar fheidhmeanna ilchuspóireacha a mhéadú, éascaíocht rochtana, dearadh atá dírithe ar dhaoine agus ómós áite.

2.24 Bhí tionchar ag roinnt príomhfhachtóirí ar an gCroí- Straitéis atá leagtha amach sa phlean seo. Dhá chur chuige thábhachtacha iad an ‘cathair 15 nóiméad’ agus na ‘comharsanachtaí insiúlta’ a thairgeann bloic thógála inbhuanaithe do phleanáil úsáid talún, atá lárnach d’fhás dlúth inchónaithe a sheachadadh sa Chathair. Táthar tar éis tabhairt faoi shraith straitéisí agus staidéir tacaíochta freisin chun bonn fianaise a sholáthar i réimsí mar thithíocht, bonneagar glas agus gorm, fostaíocht, miondíol, dlús uirbeach agus airde foirgneamh. Ina theannta sin, tugadh faoi Staidéar Acmhainne Cathrach chun cumas forbartha sa todhchaí a mheas go hiomlán laistigh de thailte criosaithe tearcúsáidte.

Fíor 2.9: An Chathair 15 Nóiméad.

35

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by