Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

10.49 D’fhéadfaí úsáidí beo urlár na talún laistigh de na ceantair Chomharsanachta Cónaithe Nua a sholáthar i bhfoirm: seirbhísí áitiúla tráchtála agus pobail; seomraí taispeántais miondíola, aonaid bheo-oibre (le spás oibre ar leibhéal na talún); spásanna oibre (gníomhaíochtaí tionsclaíocha éadroma, amhail stiúideonna tráchtála d’ealaíontóirí/déantóirí), nó oifig í beaga miondíola . 10.50 Trádstóráil Miondíola: ní bheidh sé oscailte lena bhreithniú ach amháin nuair is féidir a léiriú i measúnú tionchair miondíola go bhfuil toilleadh trádstórais miondíola leordhóthanach agus nach mbeidh tionchar díobhálach ag úsáidí den sórt sin ar lár na cathrach nó ar ionaid mhiondíola eile, mar úsáid bheo ar urlár na talún ag imeall an Lárionaid Cheantair i gcrios Forbartha Úsáide Measctha ZO 4, de réir fhorálacha chriosú Stórais Miondíola ZO 11. 10.51 Úsáidí Catalaíoch: Tá an Chomhairle Cathrach ag iarraidh raon forbairtí catalaíoch a fhorbairt chun beatha agus spéis a thabhairt do Dhuganna na Cathrach. Beidh siad seo is oiriúnaí sa limistéar criosaithe ZO4 Forbairt Úsáide Measctha ach beidh siad oscailte lena mbreithniú sna ceantair Chomharsanachta Cónaithe Nua ina measann an Chomhairle Cathrach go bhfuil tábhacht straitéiseach an togra léirithe agus inar féidir leibhéil réasúnta taitneamhachta cónaithe a chothabháil. 10.52 Úsáidí Reatha Tionscail Éadrom (agus úsáidí gaolmhara): Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí lena comhpháirtithe chun teacht ar réitigh ar athlonnú úsáidí tionsclaíochta éadroma ísealdéine (agus úsáidí gaolmhara) atá lonnaithe faoi láthair laistigh de Dhugaí na Cathrach. Tá an Chomhairle Cathrach ag moladh go ndéanfaí eastáit tionscail éadroma nua a fhorbairt in áiteanna ar fud na Cathrach (féach Caibidil 7: Geilleagar agus Fostaíocht) chun freastal ar ghnóthaí a bheadh ag iarraidh athlonnú ó Dhuganna na Cathrach. Laistigh de Dhuganna na Cathrach beidh úsáidí tionsclaíocha éadroma ar scála beag (m.sh. ceardlanna) ag teacht le húsáidí eile nuair a áitíonn siad spás urlár na talún laistigh d’fhoirgnimh úsáide measctha ar éadain sráide neamhchónaithe.

Sainchuspóirí Úsáide Talún

10.46 Tá cuspóirí criosaithe talamhúsáide leagtha amach i gCaibidil 12 Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún. I gcás na gceantar sin criosaithe ZO 4 Forbairt Úsáide Measctha tá an sprioc-mheascán úsáidí leagtha amach i gCeantair Charachtar, thíos.

10.47 Seo a leanas sainchuspóirí úsáide talún a bhaineann le Dugaí na Cathrach:

• Comharsanacht an Iarthair / Ionad Áitiúil: Níl an lárionad uirbeach seo criosaithe ach ba cheart go mbeadh comhghaol dlúth idir a lárphointe agus bealach / stad LRT. Cé go bhfuil bealach tram glactha ag CMATS 2040 agus ag Straitéis Iompair Dhuganna na Cathrach ní mór é seo a dhearbhú i Staidéar Ailínithe LRT TII atá le foilsiú in 2022. Tá trí rogha bealaigh á mbreithniú faoi láthair. Ba cheart go gcloífeadh an Lárionad Comharsanachta / Áitiúil le ZO 8 Ionaid Chomharsanachta agus Áitiúla agus go soláthródh sé pointe fócasach do sheirbhísí tráchtála / pobail do cheantar Dhuganna Iarthar na Cathrach seo agus an stad tram beartaithe ina chroílár. Tá suíomh táscach curtha ar fáil i Léarscáil 2: Cuspóirí Forbartha . • Úsáidí Beo ag Leibhéal na Talún – Measfar éadanas beo ar urlár na talún a bheith cuí laistigh den Chrios Úsáide Measctha agus den Lárionad Dúiche criosaithe agus ionaid chomharsanachta. Is féidir le húsáidí talún beo tairbhí dearfacha a thabhairt do phríomhláithreacha, mar:

– Bóthar Horgan;

– Bóthar Lár na Páirce

– Bóthar Mhuineacháin;

– Nascshráid Shráid an Uisce;

– Príomhchoirnéil; agus

– Éadanas ar eochairspásanna.

10.48 Lasmuigh de na ceantair seo ní cheadófar úsáidí beo urlár na talún, chun ardchaighdeán taitneamhachta cónaithe a chur chun cinn ar gach éadain sráide eile agus doirse tosaigh tithe ar an tsráid.

323

Powered by