Bonneagar Pobail
Mol Pobail
10.58 Cuirfear Bonneagar Pobail ar fáil de réir na gcuspóirí atá leagtha amach i gCaibidil 3 Tithe agus Pobail a Sheachadadh.
10.63 Is saoráidí ilfheidhmeacha iad Moil Phobail a fheidhmíonn mar phointe fócais don phobal agus a sholáthraíonn luach ar airgead don airgead poiblí. Comhcheanglaíonn siad raon úsáidí pobail ar leith le spás atá ar fáil ar cíos agus is féidir a úsáid chun críocha éagsúla. Tá tuilleadh sonraí le fáil i gCaibidil 3 Tithe agus Pobail a Sheachadadh. Laistigh de Dhuganna na Cathrach meastar go ndéanfar Mol Pobail a fhorbairt chun freastal ar riachtanais na comharsanachta nua. Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le Staidéar Féidearthachta Mol Pobail a ullmhú le linn shaolré an Phlean. Is dócha go gceanglóidh an Mol leabharlann, ionad pobail, áiseanna spóirt laistigh, cúram príomhúil agus áiseanna óige. D’fhéadfadh an mol comhlonnú agus sineirgí a bheith aige le campas scoile, ionad comharsanachta nó b’fhéidir linn snámha nó bonneagar pobail eile.
Oideachas agus Scoileanna
10.59 Tá trí shuíomh criosaithe Oideachais ann a bhfuil sé mar aidhm acu freastal ar riachtanas oideachais bunscoile agus iar-bhunscoile Dhuganna na Cathrach. Is dóichí go ndéanfar freastal ar fhorbairt bhreise oideachais, mar institiúidí ardoideachais agus breisoideachais, laistigh den talamh atá sainithe d’fhorbairt Úsáide Measctha. Tá s é tuartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeidh gá le 4-6 Bunscoil agus 1-2 Iar-bhunscoil a sholáthar ar fud na dtrí shuíomh chun freastal ar riachtanais Chomharsanacht nua Dhuganna na Cathrach. 10.60 Déanfar freastal den chuid is mó ar riachtanais pháirce/súgartha lasmuigh den láthair laistigh de thailte atá criosaithe chun críocha na bhFaicheach Spóirt agus an Spáis Oscailte Poiblí, atá suite in aice le / cóngarach do champais na scoile atá beartaithe. Áiseanna poiblí a bheidh iontu seo a bhainfidh leas as úsáid bharrfheabhsaithe ar dóigh gur páirceanna uile-aimsire a bheidh iontu chun dianúsáid a chumasú, lena n- áirítear úsáid scoileanna . 10.61 Spreagfar roinnt foirgneamh scoile agus áiseanna (m.sh. hallaí spóirt laistigh) a chur ar fáil don phobal agus iad a lonnú ar champais na scoile dá réir. Is rogha le Comhairle Cathrach Chorcaí Mol Pobail a fheiceáil laistigh de nó in aice le ceann de champas na scoile chun luach ar airgead a uasmhéadú d’infheistíocht phoiblí . 10.62 Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun seachadadh scoileanna a chumasú go tráthúil chun freastal ar riachtanais an cheantair .
Bonneagar Gníomhach Áineasa
10.64 Tá sé mar aidhm ag Comharsanacht Dhuganna na Cathrach freastal ar riachtanais an phobail chomh fada agus is féidir, lena n-áirítear freastal ar riachtanais áineasa gníomhacha na comharsanachta d’áitritheoirí agus d’oibrithe, agus freisin aon riachtanais straitéiseacha spóirt a oireann do shuíomh Dhuganna na Cathrach. Tá áiseanna spóirt ar chaighdeán náisiúnta cheana féin i nDuganna na Cathrach i bPáirc Uí Chaoimh agus san Ionad Sármhaitheasa .
10.65
Laistigh de Dhuganna na Cathrach cuirfidh Comhairle Cathrach Chorcaí páirceanna spóirt ar fáil ag ceithre shuíomh: • Páirc Mhuineacháin (ó dheas den bhunscoil thiar) laistigh de shuímh ainmnithe ZO15 - Spás Oscailte Poiblí; • Mol Spóirt Siúlóid na Canálach (Bóthar Lár na Páirce / Bóthar Mhuineacháin) laistigh de shuímh atá sainithe mar ZO16 - Fearais agus Áiseanna Spóirt); • Tailte Íochtarach Chlochar Ardfoyle laistigh de láithreán ainmnithe ZO15 - Spás Oscailte Poiblí); agus • Láithreacha eile, lena n-áirítear iad siúd lasmuigh ach inrochtana go dtí Dugaí na Cathrach .
325
Powered by FlippingBook