Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

10.71 Tugann sé seo c. 10,000 áit chónaithe nuair a chuirtear iad le chéile le gealltanais phleanála reatha. 10.72 Tacóidh Comhairle Cathrach Chorcaí agus Oifig Seachadta na nDugthailte atá beartaithe le forbairt Dhuganna na Cathrach agus déanfaidh siad monatóireacht ar aschur forbairtí chun spriocanna a nuashonrú dá réir. 10.73 Tá sé mar aidhm ag an straitéis dlúis do Dhuganna na Cathrach a chinntiú go mbeidh forbairt ar dhuganna na Cathrach go meán de 225 áit chónaithe in aghaidh an heicteáir (dph), le raon dlúis a ardaíonn déine ó dheas go thuaidh trasna na nDugaí Theas.

Leagtar amach i dTábla 10.4 thíos an straitéis dlúis agus airde foirgnimh. Is spriocanna iad na dlúis agus airde seo, agus d’fhéadfadh go mbeadh údar ann imeacht ó na spriocanna seo nuair is féidir a léiriú go bhfuil sé ar mhaithe le dea-phrionsabail maidir le cruthú áite agus dearaidh. 10.74 Tá an straitéis bunaithe ar mholtaí ón Staidéar ar Dhlús Uirbeach, Airde Foirgnimh agus Foirgnimh arda 2021 i gCathair Chorcaí. Leagann Caibidil 3: Tithe agus Pobail a Sheachadadh amach an straitéis dlúis don chathair ar fad.

Réimse Carachtair

Spriocdhlús Cónaitheach

Airde Foirgnimh (Coibhéis Stór Cónaithe)

Áiteanna Cónaithe in aghaidh an Heicteáir 2

Ginearálta

Raon Ginearálta

Ceathrú Ghleann Maghair Íochtarach

200

6

4-8

Ó thuaidh de Lárionad Bhóthar na Páirce / Cois Uisce

Ceathrú Stórais

n/a

7

6-10

Ceathrú Ford-Dunlop

n/a

7

6-10

Ceathrú an Chalaidh

250

7

6-10

Siúlóid Marina

250

7

6-10

Ceathrú Polder (Thoir)

250

7

6-10

Ó dheas de Lárionad Bhóthar na Páirce / Siar ó Bhóthar Marquee

Cé Mhuineacháin

200

6

5-8

Siúlóid na Canálach (Thuaidh) Ó dheas de Bhóthar Mhuineacháin Cé Mhuineacháin (Theas) Siúlóid na Canálach (Theas)

200

6

5-8

150

5

4-7

150

5

4-7

328

Powered by